Léitheoireacht & Foilsitheoireacht

Is trí na haonaid An Gúm, Áis agus Clár na Leabhar Gaeilge agus trí na mórthionscadail thíos a chuireann Foras na Gaeilge an léitheoireacht agus an fhoilsitheoireacht chun cinn go príomha.

Cuireann An Gúm foilseacháin agus áiseanna ar fáil a thacaíonn leis an oideachas trí mheán na Gaeilge agus le húsáid na Gaeilge i gcoitinne. Sa lá atá inniu ann is ag plé leis an bhfoclóireacht, le foilsiú téacsleabhar agus áiseanna scoile agus le hábhar léitheoireachta don aos óg is mó a bhíonn An Gúm. Tá cúram reachtúil ar leith ar Fhoras na Gaeilge maidir leis na nithe sin.

Tabhair cuairt ar mhicreashuíomh an Ghúm anseo le tuilleadh eolais a fháil faoina áiseanna.

Bunaíodh Áisíneacht Dáileacháin Leabhar (ÁIS) chun foilseacháin Ghaeilge a dháileadh go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Cuireann Áis seirbhís dáileacháin ar fáil d’fhoilsitheoirí Gaeilge agus cinntíonn soláthar leabhar Gaeilge ar an mhargadh.

Trí Chlár na Leabhar Gaeilge, cuireann Foras na Gaeilge tacaíocht ar fáil d’fhoilsitheoirí na Gaeilge trí Scéim na Foilsitheoireachta agus do scríbhneoirí na Gaeilge trí na scéimeanna scríbhneoireachta go príomha. Anuas air sin díríonn muid aird an phobail ar leabhair Ghaeilge le daoine a mhealladh le bheith ag léamh agus ag scríobh as Gaeilge. Cliceáil anseo le tuilleadh eolais a fháil faoi scéimeanna Fhoras na Gaeilge i réimse na léitheoireachta agus na foilsitheoireachta.

Mórthionscadail i réimse na Léitheoireachta agus na Foilsitheoireachta

Scríobh Leabhar

Tá páirt glactha ag níos mó ná 45,000 dalta sa tionscadal Scríobh Leabhar ó cuireadh ar bun é sa scoilbhliain
2006/2007. Tugann an tionscnamh seo deis spreagthach don pháiste a m(h)othúcháin a léiriú trí mheán na Gaeilge, cothaíonn sé comhoibriú idir pobail scoileanna agus cuirtear na daltaí ar an eolas faoin gcoincheap maidir le hathbhreithniú piaraí agus go háirithe cothaíonn sé cruthaitheacht agus cur chuige iomlánaíoch d’fhorbairt an pháiste.

Tá cuid de na leabhair seo le feiceáil ach cuairt a thabhairt ar scriobhleabhar.ie.

Focail Eile

Is clár comhpháirtíochta é an tionscadal Focail Eile idir eagraíochtaí cultúrtha i réigiúin Eorpacha. Tá sé d’aidhm aige líonra de shocrúcháin chruthaitheacha a chur ar bun do scríbhneoirí Eorpacha i mionteangacha agus teangacha mionlaigh.

Is iad na heagraíochtaí comhpháirtíochta:

  • Donostia Kultura agus San Sebastian 2016 (Tír na mBascach)
  • Foras na Gaeilge (Éire)
  • X-OP, malartán d’oibritheoirí agus de tháirgeoirí ealaíne (an tSlóivéin)
  • Fóram Óige na Mladi (an Mhacadóin)
  • Leeuwarde/Ljouwert 2018 (an Fhreaslainn).

Chuir an chéad scríbhneoir Éireannach, Réaltán Ní Leannáin, tús lena tréímhse socrúcháin sa Fhreaslainn in 2016. Tuilleadh eolais faoi thionscadal Focail Eile ar fáil anseo.

Séidean Sí

Tá áiseanna digiteacha á bhforbairt ar an suíomh nua www.seideansi.ie. Tá ábhar fuaime agus cluichí idirghníomacha ar fáil ar an suíomh seo sna trí mhórchanúint chun tacú leis an obair a dhéantar sa seomra ranga.

Foilseacháin & Ríomhleabhair

Cuireann An Gúm réimse leathan foilseachán i gcló lena n-áirítear áiseanna bunscoile, áiseanna iarbhunscoile, leabhair réamhléitheoireachta, leabhair do pháistí óga, do dhéagóirí agus do dhaoine fásta.

Tá tús curtha le rogha leabhair a chur ar fáil i bhfoirm leictreonach. Beidh idir leabhair nua agus cinn a cuireadh amach fadó á gcur ar fáil mar ríomhleabhair. Tuilleadh eolais ar mhicreashuíomh An Gúm.

Gníomhaíochtaí Litríochta

Cuirtear maoiniú ar fáil do ghníomhaíochtaí litríochta a dhéanann ceiliúradh ar scríbhneoireacht agus foilsitheoireacht na Gaeilge agus a chuireann litríocht na Gaeilge os comhair an phobail. Ina measc tá imeachtaí litríochta IMRAM a bhíonn ar siúl san fhómhar. Cuirtear maoiniú ar fáil freisin do ClubLeabhar.com atá á reáchtáil ag Gaelchultúr. Tá sé mar aidhm ag an suíomh seo lucht na Gaeilge in Éirinn agus thar lear a spreagadh chun leabhair a léamh agus iad a phlé i bhfóram an tsuímh seo.

Cuirtear duaischistí áirithe ar fáil do chomórtais litríochta éagsúla, ina measc Comórtais Liteartha an Oireachtais agus Comórtas Léirmheastóireachta Oidhreacht Chorca Dhuibhne.

Straitéis Léitheoireachta

Díreoidh Straitéis Léitheoireachta Fhoras na Gaeilge ar spriocghrúpaí faoi leith arbh fhéidir tionchar a imirt orthu ag leibhéal domhain feasachta i.e páistí scoile agus tuismitheoirí na bpáistí, muintir na nGaeltachta, foghlaimeoirí fásta; iad siúd a bhfuil spéis léirithe acu sa teanga cheana féin. Réiteofar cur chuige comhtháite, iltoiseach a chothóidh a n-iarrachtaí sa léitheoireacht Ghaeilge, go praiticiúil.