In 2020, d’fhoilsigh Foras na Gaeilge a chéad Treo Straitéiseach inar leagadh amach mórchuspóirí straitéiseacha na heagraíochta do na blianta 2020-2025. Bunaíodh an Treo Straitéiseach ar phróiseas comhairliúcháin a chuimsigh suirbhé, cuireadh do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí aighneachtaí a sheoladh isteach agus cruinnithe poiblí ar fud na tíre. Anois agus deireadh ag teacht le tréimhse Treo Straitéiseach 2020-2025, is mian le Foras na Gaeilge próiseas comhairliúcháin eile a sheoladh chun tuairimí an phobail a fháil faoi dhréacht nua a chuimsíonn mórchuspóirí straitéiseacha na heagraíochta do na blianta 2025-2030.
Tá dréacht de Treo Straitéiseach 2025-2030 ar fáil anseo.
Tá leagan a bhfuil cló mór ann ar fáil anseo.
Seo na treoracha má tá léitheoir scáileáin in úsáid agat.
Bunaíodh an dréacht seo ar sheisiúin phlé le foireann agus le Bord Fhoras na Gaeilge agus le saineolaithe seachtracha ar théamaí éagsúla a bhaineann le staid agus stádas na Gaeilge sa tsochaí, thuaidh agus theas. Cuimsíonn sé an dea-chleachtas faoin bpleanáil teanga agus aithníonn sé na mórathruithe atá ag titim amach ó thaobh na sochaí agus na teicneolaíochta go háirithe. Mar is iondúil le cáipéisí dá leithéid, ní thugtar mioneolas faoi acmhainní ná spriocanna an-sonraithe faoi chur i bhfeidhm na gcuspóirí. Ina ionad sin, tá sé d’aidhm ag an Treo Straitéiseach seo tosaíochtaí oibre Fhoras na Gaeilge do na blianta seo romhainn a aithint ag ardleibhéal straitéiseach. Tabharfar eolas níos mine faoi acmhainní agus spriocanna ar leith sa chéad Phlean Corparáideach eile a chuimseoidh an tréimhse 2026-2028 agus sna Pleananna Gnó bliantúla a aontaímid leis an dá rialtas.
Tá Foras na Gaeilge ag tabhairt cuireadh don phobal tuairimí a léiriú i leith an dréachta seo den Treo Straitéiseach. Is cuma más le pobal na Gaeilge a bhaineann tú, le pobal mionlaigh nó leis an mórphobal in Éirinn nó in áit ar bith ar fud na cruinne, tá fáilte romhat do thuairimí a chur in iúl. Chuige sin, iarraimid ort an suirbhé gearr seo ar Microsoft Forms a chomhlánú chun aiseolas ginearálta a thabhairt faoin gcáipéis go léir agus faoi na mórchuspóirí straitéiseacha éagsúla.
https://forms.office.com/e/BcVn0guezZ
Más mian leat, is féidir leat aighneacht níos faide a sheoladh chuig ts@forasnagaeilge.ie chun tuilleadh tuairimí a léiriú, go háirithe más ag déanamh ionadaíochta ar eagraíocht nó ar ghrúpa pobail atá tú. Seo na treoirlínte a bhaineann le haighneachtaí dá leithéid:
Is é an spriocdháta chun freagraí an tsuirbhé agus/nó aighneachtaí a fháil 1pm Dé hAoine 6 Meán Fómhair 2024. Ní ghlacfar le freagraí tar éis an ama sin.
Faoi mhír 75 d’Acht Thuaisceart Éireann 1998, tá dualgas ar Fhoras na Gaeilge an comhionannas deise agus an dea-chaidreamh a chur chun cinn. I bhfianaise nádúr agus cóip an Treo Straitéisigh, chinneamar go ndéanfaí Measúnacht Tionchair Comhionannais ar an dréacht seo, féachaint cé na himpleachtaí a bheadh aige don chomhionannas agus don dea-chaidreamh. Tá an mheasúnacht sin ar fáil anseo. Tá leagan a bhfuil cló mór ann ar fáil anseo. Cuirfimid fáilte ar leith roimh aiseolas ó dhaoine aonair agus/nó ó ghrúpaí ionadaíocha faoi na téamaí atá i gceist.
Foilseoidh Foras na Gaeilge achoimre de na freagraí tar éis dheireadh an phróisis comhairliúcháin, agus féadfaidh sé iad a fhoilsiú ina n-iomláine. Más fearr leat go bpléifear le do fhreagraí faoi rún, inis dúinn le do thoil, ag míniú na bhfáthanna atá agat. Fiú má iarrann tú go bpléifí le do fhreagraí faoi rún, féadfaidh Foras na Gaeilge a shocrú, nó féadfaidh coimisinéir faisnéise a éileamh ar Fhoras na Gaeilge, do fhreagra a fhoilsiú ina iomláine nó cuid de a fhoilsiú. Glacfaimid leis nach mbainfidh do fhreagra, ná aon séanadh uathoibríoch a ghineann do chóras ríomhaireachta, ach le heolas ar iarr tú rúndacht ina leith go háirithe. Má iarrtar orainn freagraí a nochtadh faoin gCód Cleachtais um Shaoráil Faisnéise do na Comhlachtaí Forfheidhmithe Thuaidh/Theas agus Turasóireacht Éireann, cuirfimid aon iarratas ar rúndacht san áireamh. Ní féidir dearbhú a thabhairt maidir le rúndacht faoi nósanna imeachta saorála faisnéise, áfach. Láimhseálfaimid go cuí sonraí pearsanta a chuirfidh tú ar fáil de réir na reachtaíochta a bhaineann le cosaint sonraí.
Le tuilleadh eolais ar rúndacht freagraí a fháil, déan teagmháil le do thoil le hOifig an Choimisinéara Faisnéise nó féach an láithreán gréasáin ag: www.ico.org.uk nó www.oic.gov.ie.
Scagfar na freagraí tar éis don phróiseas comhairliúcháin teacht chun críche agus breithneofar iad le linn dúinn dréacht nua den Treo Straitéiseach a fhorbairt. Foilseofar achoimre de na freagraí, nó foilseofar ina n-iomláine iad, ar shuíomh idirlín Fhoras na Gaeilge i bhfómhar 2024.
Reáchtálfar cruinnithe poiblí, ar an láthair agus ar líne, i bhfómhar/geimhreadh 2024 chun tuilleadh deiseanna a thabhairt don phobal páirt a ghlacadh sa phlé. Tar éis do Bhord Fhoras na Gaeilge an leagan deiridh a fhaomhadh, tá sé i gceist againn Treo Straitéiseach 2025-2030 a fhoilsiú faoi dheireadh 2024.
COMHAIRLIÚCHÁN POIBLÍ AR ÁR bPLEAN CORPARÁIDEACH 2023-2025
Eolas nuashonraithe faoin bPróiseas Comhairliúcháin reatha ar fáil anseo: https://www.forasnagaeilge.ie/comhairliuchan-poibli-ar-ar-bplean-corparaideach-2023-2025/
.
Comhairliúchán ar chomharba na Scéime Pobal Gaeilge
Is féidir aighneachtaí comhlánaithe a sheoladh trí ríomhphost nó tríd an bpost chuig an gcomhordaitheoir freagairtí le bheith faighte faoin 17 Iúil 2020 ar 1 a chlog tráthnóna.
Ba mhaith le Foras na Gaeilge tréimhse chomhairliúcháin phoiblí ar chomharba na Scéime Pobal Gaeilge a fhógairt.
Ba mhaith linn tuairim an phobail a fháil maidir leis na moltaí do chomharba na scéime agus tá cóip den doiciméad comhairliúcháin ar fáil anseo:
Comhairliúchán ar Chomharba SPG
Achoimre ar Aighneachtaí faoin SPG
Síneadh ama curtha leis an gComhairliúchán ar Treo Straitéiseach d’Fhoras na Gaeilge 2020-2025.
NÓTA TÁBHACHTACH: Tá síneadh ama á chur leis an bpróiseas comhairliúcháin ar Treo Straitéiseach d’Fhoras na Gaeilge 2020-2025.
Dé hAoine 31 Eanáir 2020 an spriocdháta nua a bheidh ann le haghaidh freagairtí (seachas 24 Nollaig 2019 mar a bhí luaite roimhe seo).
Ba mhaith linn tuairimí an phobail a fháil maidir leis an ndréacht den Treo. Moltar an dá cháipéis seo a léamh i dteannta a chéile. Tá cóip den dréacht den Treo Straitéiseach féin agus den Doiciméad Comhairliúcháin a bheidh mar uirlis le haiseolas a éascú ar fáil anseo:
Treo Straitéiseach d’Fhoras na Gaeilge 2020-2025 Dréacht
UPDATED Consultation Document – Strategic Direction 2020-2025
Ba mhaith le Foras na Gaeilge tréimhse chomhairliúcháin phoiblí ar thionscnaimh mhaoinithe Fhoras na Gaeilge, i dtaobh earnáil na meán Gaeilge clóite agus ar líne don tréimhse Eanáir 2020 ar aghaidh, a fhógairt.
Ba mhaith linn tuairim an phobail a fháil maidir leis na moltaí ag eascairt as an athbhreithniú agus tá cóip den doiciméad comhairliúcháin ar fáil anseo:
Consultation of the Irish langauge media sector
Tuairisc ar chomhairliúchain poiblí ar earnail na meain Gaeilge
Reáchtáil Foras na Gaeilge próiseas comhairliúcháin idir mí Aibreán agus mí an Mheithimh 2017 le tuairimí a lorg faoin mbealach is fearr chun tacaíocht a chur ar fáil d’ionaid Ghaeilge ar fud an oileáin.
Tá cóip den doiciméad comhairliúcháin ar fáil anseo.
Tá tuairisc iomlán agus anailís ar na haighneachtaí a fuarthas i dtaca leis an bpróiseas comhairliúcháin ar fáil anseo.
Ba mhaith le Foras na Gaeilge tréimhse chomhairliúcháin phoiblí ar Scéim na nOifigeach Gaeilge a fhógairt.
Ba mhaith linn tuairim an phobail a fháil maidir le todhchaí Scéim na nOifigeach Gaeilge sa rialtas áitiúil i dTuaisceart Éireann.
Scéim na nOifigeach Gaeilge – Doiciméad Comhairliúcháin_eng
Tá tuairisc iomlán agus anailís ar na haighneachtaí a fuarthas i dtaca leis an bpróiseas comhairliúcháin ar fáil anseo.