Nuashonrú mór ar ábhar an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge

Bheith istigh ag air fryer, sportswashing, hybrid working, paywall agus climate crisis den chéad uair

19 Iúil 2023

Rinne Foras na Gaeilge nuashonrú suntasach ar shuíomh an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge i mí Iúil. Leasaíodh na mílte iontráil, idir shlacht a chur ar iontrálacha, earráidí a cheartú agus chomhaid fuaime agus ghramadaí bhreise a chur le hiontrálacha. Cuireadh breis is 21 míle comhad fuaime ar an suíomh, seacht míle i ngach ceann de na mórchanúintí. Lena chois sin, tá cúpla céad iontráil agus ciall nua curtha leis an bhfoclóir bunaithe ar chúrsaí reatha, anailís ar chuardaigh ar an suíomh (cuardaigh gan toradh, go háirithe), aiseolas/iarratais ó úsáideoirí, agus gnáthúsáid Bhéarla na hÉireann. I measc na n-iontrálacha agus na n-aonad céille nua a cuireadh leis an suíomh tá:

  • Cúrsaí reatha: zero waste, barter account, transphobia, working from home, hybrid working, greenwashing, sportswashing, mansplain, police brutality, plastic free, food mile, femicide, eco-anxiety, climate justice, dashcam, binge-watch, oat milk, paywall, wild swimming.
  • Cuardaigh agus iarratais ó úsáideoirí: pescatarian, non-binary, paddleboarding, stand up paddleboarding, daddy long legs, anti-aging.
  • Úsáid Bhéarla na hÉireann: lethal (thar barr ar fad), sucking diesel, dose (duine/rud míthaitneamhach), were you born in a barn?.

Faighimid aiseolas ón bpobal go rialta mar gheall ar an bhfoclóir, aiseolas a bhaineann leis an ábhar agus le feidhmiúlacht an tsuímh. Táimid an-bhuíoch de na daoine sin a chuireann an t-aiseolas luachmhar sin chugainn agus tá mórán leasuithe déanta againn san fhoclóir dá réir. Bí i dteagmháil linn ag aiseolas [ag] focloir.ie.

Faoi láthair, tá an rannóg foclóireachta ag obair ar thionscadal nua ceannródaíoch ina bhfuil i gceist dhá fhoclóir nua Gaeilge a fhoilsiú: an chéad mhórfhoclóir aonteangach Gaeilge agus foclóir nua Gaeilge-Béarla. Tá sé i gceist go mbeidh an dá fhoclóir nua, a mbeidh 80,000 aonad céille iontu araon, le fáil ar líne faoi dheireadh na bliana 2027.