Ócáid stairiúil don Ghaeilge agus foclóir ceannródaíoch á sheoladh

PREASRÁITEAS

Dé Máirt 9 Nollaig 2025

Tá foclóir ceannródaíoch nua le Foras na Gaeilge á sheoladh inniu (09.12.25) ag Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly. Foclóir aonteangach is ea é seo a chuireann slí nua ar fáil do dhaoine chun an Ghaeilge a thuiscint, a úsáid agus a fhoghlaim - gan bheith i dtuilleamaí foclóirí i mBéarla nó i dteangacha eile.

Is é An Foclóir Nua Gaeilge an chéad mhórfhoclóir 'Gaeilge-Gaeilge', agus go dtí a fhoilsiú inniu, ba ghá d'aon duine a gcasfaí focal nó nath Gaeilge nár thuig siad orthu dul á gcuardach i bhfoclóir Gaeilge-Béarla agus an focal nó nath sin a thuiscint trí mheán an Bhéarla.

Beidh An Foclóir Nua Gaeilge ar fáil saor in aisce ar Focloir.ie ó 1.00pm inniu (09.12.25).

Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, chun an foclóir nua a sheoladh ag imeacht speisialta de chuid Fhoras na Gaeilge in EPIC - Músaem Eimirce na hÉireann i mBaile Átha Cliath tráthnóna inniu (09.12.25). Ag trácht di ar an bhfoclóir Gaeilge nua, dúirt an tUachtarán Connolly: “Is uirlis riachtanach in aon teanga bheo é mórfhoclóir comhaimseartha sa teanga sin, ina bhfuil an teanga agus dúchas na teanga sin á sainmhíniú ina focail féin agus ag a pobal féin, seachas a bheith de shíor á sainmhíniú trí mheán teanga eile. Cuireann an foclóir nua seo an Ghaeilge agus a pobal ar comhchéim le teangacha agus le pobail teanga eile ár linne, agus tá acmhainní foclóireachta na Gaeilge anois ina n-eiseamláir dhea-chleachtais ag teangacha mionlaithe eile ar fud an domhain.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn: “Riamh anall, aon uair a chasfaí focail Ghaeilge nár thuig siad ar Ghaeilgeoirí, ba ghá dóibh na focail sin a aistriú go Béarla agus ansin sainmhíniúcháin a lorg dóibh i bhfoclóirí Béarla. Ní amháin go raibh an próiseas fadálach seo ina chonstaic gan ghá roimh an bhfoghlaim ach mhúnlaigh sé an chaoi a bhfaigheadh Gaeilgeoirí eolas ar an domhan mór - trí mheán an Bhéarla.

Cuireann an foclóir nua aonteangach Gaeilge athrú ó bhonn ar chúrsaí. In ionad a bheith ag fiafraí “Cad é an Béarla atá ar X?”, beidh ar chumas na nGaeilgeoirí a fhiafraí feasta “Cad a chiallaíonn X?” Is cor cinniúnach é an t-athrú seo ó thaobh theagasc agus fhoghlaim na Gaeilge ag gach leibhéal — ó pháistí óga ag foghlaim focal den chéad uair go dtí cainteoirí ardinniúla ag lorg léargas níos doimhne ar an teanga.”

Gnéithe ar leith

Thosaigh an obair ar thiomsú An Foclóir Nua Gaeilge i Meán Fómhair 2022, faoi stiúir phríomheagarthóir foclóireachta Fhoras na Gaeilge, Pádraig Ó Mianáin, agus bhainisteoir tionscadail foclóireachta Fhoras na Gaeilge, Cormac Breathnach. Beidh an chéad sciar den fhoclóir — 20,000 iontráil agus 40,000 brí — ar líne ar Foclóir.ie inniu (09.12.25). Tá an phríomhchéim de thionscadal an fhoclóra seo le bheith i gcrích ina iomláine faoi Lúnasa 2027, tráth a bheidh 30,000 iontráil agus 80,000 brí ann.

Dúirt Príomheagarthóir Foclóireachta Fhoras na Gaeilge, Pádraig Ó Mianáin: “Céim shuntasach i bhforbairt leanúnach na n-acmhainní foclóireachta atá á gcur ar fáil ag Foras na Gaeilge is ea foilsiú an fhoclóra aonteangaigh Gaeilge seo. Tá ag méadú le blianta ar éileamh phobal na teanga in Éirinn agus ar fud an domhain ar mhórfhoclóir aonteangach, agus táimid an-sásta go bhfuiltear ag riar ar an riachtanas seo faoi dheireadh. Táimid ag súil le leanúint de bheith ag breisiú agus ag forbairt an fhoclóra sa dá bhliain atá fágtha den tionscadal.”

Tá roinnt gnéithe ceannródaíocha ag baint leis an bhfoclóir aonteangach Gaeilge seo, mar shampla:

  • Tá léiriú á thabhairt ann ar an nGaeilge mar theanga bheo tríd an ngnáthúsáid fhíor chomhaimseartha a chuimsítear ann, ag iarraidh an dea-chleachtas reatha sa teanga chaighdeánach a dheimhniú mar aon le haitheantas a thabhairt do leaganacha canúnacha coitianta.
  • Tugtar sainmhíniúcháin ann ar fhocail iasachta atá in úsáid go coitianta sa Ghaeilge, ar nós ad hoc, al fresco, baguette, cappuccino agus aide-de-camp
  • Tá iontrálacha agus sainmhíniúcháin ann ar nathanna agus ar sheanfhocail.
  • Riartar ann ar riachtanais na nGaeilgeoirí ardinniúla, agus tugtar freisin treoir áisiúil ghramadaí agus foghraíochta dóibh siúd nach mbeadh chomh cinnte céanna faoi conas focail agus nathanna a úsáid agus a rá.
  • Tugtar treoir san fhoclóir maidir le mionphointí casta na gramadaí sa Ghaeilge, níos mó ná mar a bheadh go hiondúil sna foclóirí roimhe seo. Déantar é seo ar bhealaí difriúla ar nós nótaí úsáide, eolas gramadaí sna hiontrálacha féin, nó samplaí úsáide i gcorp na n-iontrálacha a léiríonn pointí éagsúla gramadaí.

Beidh An Foclóir Nua Gaeilge ar fáil saor in aisce ar Focloir.ie ó 1.00pm inniu (09.12.25).

Is iad an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta i mBaile Átha Cliath agus an Roinn Pobal i mBéal Feirste príomh-mhaoinitheoirí an tionscadail, le tacaíocht bhreise ón Roinn Oideachais i mBaile Átha Cliath.

Críoch

Teagmháil: Maisie Lynch / Abigail Bennett, Alice Public Relations, Teil: +353 (0)86-8966298 / +353 (0)86-2277174 / +353 (0)1-5582151, Ríomhphost: media@alicepr.com

 

Nótaí d'Eagarthóirí

Urlabhraithe leis na Meáin

  • Tá Pádraig Ó Mianáin, Príomheagarthóir An Foclóir Nua Gaeilge, ar fáil le haghaidh agallaimh leis na meáin via Alice Public Relations ag na sonraí teagmhála thuas.
  • Tá Cormac Breathnach, Bainisteoir Tionscadail An Foclóir Nua Gaeilge, ar fáil le haghaidh agallaimh leis na meáin via Alice Public Relations ag na sonraí teagmhála thuas.

Maidir le Foras na Gaeilge

Bunaíodh Foras na Gaeilge in 1999 agus tá freagracht air i leith chur chun cinn na Gaeilge in Éirinn. Tá ról comhairleach ag Foras na Gaeilge ina gcuireann sé comhairle i leith na Gaeilge ar fáil don dá rialtas, ó thuaidh agus ó dheas, agus freisin do chomhlachtaí poiblí agus do ghrúpaí agus eagraíochtaí eile san earnáil phríobháideach agus san earnáil phoiblí araon. Tá sainfhreagracht reachtúil ar Fhoras na Gaeilge i leith fhorbairt na téarmaíochta agus na foclóireachta sa Ghaeilge.