Óg-Chlubanna Chumann na bhFiann

Creidim Ionat

Eagraíonn Cumann na bhFiann Óg-Chlubanna éagsúla i hallaí áitiúla, ar fud an oileáin. Chomh maith leis sin eagraítear méid áirithe Clubanna Fíorúla (ar líne). Tugann seo ar fad deis do dhaoine óga a gcuid Gaeilge labhartha a úsáid agus a fheabhsú lasmuigh de thimpeallacht na scoile ag leibhéal sóisialta. Is é an toradh air seo ná go mbíonn cairde nua le Gaeilge sa cheantar, agus ar fud na tíre, ag na daoine óga.

 

Cé dó na Clubanna?

Tá na Clubanna seo oscailte do dhaoine san aoisghrúpa 10-18 bl. d’aois.

 

Cathain a bhíonn siad ar siúl?

Bíonn na clubanna ar siúl gach seachtain ó Mheán Fómhair go dtí an Cháisc.

 

Cén aoisghrúpa a fhreastalaíonn ar na Clubanna?

Tá clubanna ar fáil do dhá aoisghrúpa éagsúil: ‘Óg’ dírithe ar pháistí bunscoile san aoisghrúpa 10-13, agus ‘Sean’ dírithe ar dhaltaí meánscoile san aoisghrúpa 13-18.

 

Cén costas atá ar na Clubanna?

Tá costas €40 ar bhallraíocht bhliantúil le Cumann na bhFiann. Clúdaíonn an costas seo freastal seachtainiúil ar Chlubanna Áitiúla, nó Clubanna Fíorúla, agus laghdú ar chostas na dturas i rith na bliana.

 

Conas is féidir liom áit a chur in áirithe sa Chlub áitiúil?

Cláraigh linn ag www.cnb.ie chun áit a chur in áirithe i do chlub áitiúil.

 

Cá mbíonn na Clubanna ar siúl?

Tá an liosta is déanaí le gach eolas ábhartha anseo

 

Roinnt cúiseanna maithe le freastal ar Chumann na bhFiann

  • Maoirseacht shármhaith
  • ​Clubanna á n-eagrú i dtimpeallacht shábháilte
  • Raon leathan gníomhaíochtaí​
  • Foireann thiomanta ar mhian leo cabhrú le na baill​
  • Córas cinnireachta trína ndéantar mic léinn a spreagadh chun freagrachtaí a ghlacadh
  • Deis an Ghaeilge a labhairt ar bhonn rialta