Paineál Cuntóirí Riaracháin – Tionscadail Forbartha agus Tacaíochta

Is mian le Foras na Gaeilge painéal a chur ar bun chun tabhairt faoi thascanna aitheanta riaracháin i réimsí forbartha agus tacaíochta don eagraíocht. Pacáistí oibre ar conradh a bheidh i gceist, a mbeidh tréimhsí gearra ag gabháil leo. Is ó Mí Aibreán 2024 go deireadh 2025 atá ag gabháil leis an bpainéal seo.

Is iad seo a leanas na príomhthascanna a bheidh i gceist:
Tascanna Riaracháin:

1. Tacaíocht riaracháin ar thionscadail forbartha;
2. Tacaíocht le tionscadail i rannóga éagsúla na heagraíochta
3. Ceisteanna & fiosrúcháin ón fhoireann maidir le TF a láimhseáil
4. Tástáil a dhéanamh ar chórais agus cláir nua;
5. Tascanna monatóireachta ar Chórais TF;
6. Tacaíocht riaracháin ar thionscadail taighde aitheanta;

Is iad seo a leanas na critéir inmhianaithe:

• Ardlíofacht sa Ghaeilge
• Scileanna maithe cumarsáide idir labhartha agus scríofa chomh maith le scileanna maithe idirphearsanta;
• Taithí ar réimse leathan de chláir ríomhaireachta msh MS Office, Cláir Adobe, Pacáistí Airgeadais, Bunachair Shonraí
• Taithí ar ardáin dhigiteacha agus modhanna cumarsáide ar líne;
• Taithí ar obair thionscadail;
• Cumas próiséas leanúnach a úsáid le tabhairt faoi cheisteanna agus fadbhanna a réiteach;
• Cumas a bheith ag freastal ar Oifigí Fhoras na Gaeilge
• Cumas a bheith ag obair ó chian.

Is ar bhonn pacáistí oibre a íocfar baill an phainéil, agus beidh an íocaíocht in aghaidh an phacáiste bunaithe ar an ráta cuí in aghaidh cion uaire socraithe d’obair.

Is ráta de €15-€18 in aghaidh na huaire a bheas ag gabháil leis na tascanna riaracháin. Iarrfar ar bhaill an phainéil na tascanna oibre chur i gcrích in oifigí an Fhorais in amanna.

Is ráta lae de €120- €144 a bheadh i gceist (CBL san áireamh más cuí)
Más spéis leat bheith ar an bpainéal seo, ní mór duit iarratas a sheoladh chugainn. Tá anfhoirm iarratais ar fáil ANSEO.

Is le hiarratais leictreonacha amháin a ghlacfar, agus tá siad le seoladh chuig teic@forasnagaeilge.ie, le “Paineál Cuntóirí Riaracháin ” mar ábhar. Beidh sé de dhiscréid ag Foras na Gaeilge iarrthóirí a chur faoi scrúdú agus/nó faoi agallamh.

SPRIOCDHÁTA:
Ba chóir iarratais a bheith faighte roimh 5.00 p.m. Dé hAoine 19 Aibreán 2024