Paineál Cuntóirí Riaracháin – Tionscadail TF agus Tacaíochta

Is mian le Foras na Gaeilge painéal a chur ar bun chun tabhairt faoi thascanna aitheanta riaracháin i réimsí Teicneolaíocht na Fáisnéise agus tacaíochta don eagraíocht. Pacáistí oibre ar conradh a bheidh i gceist, a mbeidh tréimhsí gearra ag gabháil leo. Is ó Mí Aibreán 2023 go deireadh an tréimhse atá ag gabháil leis an bpainéal seo.

Is iad seo a leanas na príomhthascanna a bheidh i gceist:

Tascanna Riaracháin

1. Tacaíocht riaracháin ar thionscadail forbartha;
2. Tascanna monatóireachta ar Chórais TF;
3. Ceisteanna & fiosrúcháin ón fhoireann maidir le TF a láimhseáil;
4. Tástáil a dhéanamh ar chórais agus cláir nua;
5. Bunachar dea-chleachtais TF a riar:
6. Tacaíocht riaracháin ar thionscadail taighde aitheanta sa réimse;

Is iad seo a leanas na critéir riachtanacha is gá do na hiarrthóirí a chomhlíonadh:

• Ardlíofacht sa Ghaeilge
• Scileanna maithe cumarsáide idir labhartha agus scríofa chomh maith le scileanna maithe idirphearsanta;
• Taithí ar chrua-earraí ríomhaireachta agus trealamh cumarsáide.
• Taithí ar réimse leathan de chláir ríomhaireachta msh MS Office, Cláir Adobe, Pacáistí Airgeadais, Bunachair Shonraí
• Taithí ar ardáin dhigiteacha agus modhanna cumarsáide ar líne;
• Taithí ar obair thionscadail;
• Cumas próiséas leanúnach a úsáid le tabhairt faoi cheisteanna agus fadbhanna a réiteach;
• Cumas a bheith ag freastal ar Oifigí Fhoras na Gaeilge
• Cumas a bheith ag obair ó chian.

Is ar bhonn pacáistí oibre a íocfar baill an phainéil, agus beidh an íocaíocht in aghaidh an phacáiste bunaithe ar an ráta cuí in aghaidh cion uaire socraithe d’obair.

Is ráta de €15- €18 in aghaidh na huaire a bheas ag gabháil leis na tascanna riaracháin. Iarrfar ar bhaill an phainéil na tascanna oibre chur i gcrích in oifigí an Fhorais in amanna.

Is ráta lae de €120- €140 a bheadh i gceist (CBL san áireamh más cuí)

Más spéis leat bheith ar an bpainéal seo, ní mór duit iarratas a sheoladh chugainn. Tá an fhoirm iarratais ar fáil ANSEO.

Is le hiarratais leictreonacha amháin a ghlacfar, agus tá siad le seoladh chuig teic@forasnagaeilge.ie, le “Paineál Cuntóirí Riaracháin – Tionscadail TF” mar ábhar. Beidh sé de dhiscréid ag Foras na Gaeilge iarrthóirí a chur faoi scrúdú agus/nó faoi agallamh.

SPRIOCDHÁTA: Ba chóir iarratais a bheith faighte roimh 5.00 p.m. Dé Céadaoin 29 Márta 2023