Painéal Tascoibrithe – Trádstóras Áisíneacht Dáileacháin Leabhar (Áis)
Fógra – Bealtaine 2025
Is mian le Foras na Gaeilge painéal a chur ar bun chun tabhairt faoi thascanna aitheanta a bhaineann le trádstóras Áis.
Pacáistí oibre a bheidh i gceist, a mbeidh tréimhsí gearra ag gabháil leo. Is obair ar bhonn páirtaimseartha a bheidh i gceist sna pacáistí oibre.
Ní féidir a dhearbhú go ndáilfear pacáistí oibre ar gach duine a bhainfidh áit amach ar an bpainéal.
Is ón 26 Bealtaine 2025 go dtí an 25 Bealtaine 2027 an tréimhse atá ag gabháil leis an bpainéal.
I measc na bpríomhthascanna a bheidh i gceist tá:
- Orduithe ó shiopaí leabhar a phróiseáil
- Earraí isteach a phróiseáil
- Obair ghlantacháin
- Obair riaracháin ar cháipéisí an stórais
- Ullmhúchán don stocáireamh
- Tascanna oibre don stocáireamh
- Tascanna ábhartha eile a bhaineann le hobair an trádstórais
Is iad seo a leanas na critéir riachtanacha is gá do na hiarrthóirí a chomhlíonadh:
- Taithí ar obair stórais nó a chomhionann
- Taithí ar bheith ag obair mar chuid d’fhoireann
- Scileanna maithe cumarsáide
Na táillí agus na socruithe oibre
Is ar bhonn pacáistí oibre a íocfar baill an phainéil, agus beidh an íocaíocht in aghaidh an phacáiste bunaithe ar an ráta cuí in aghaidh cion lae socraithe d’obair.
- €108 - €115 in aghaidh an lae ag braith ar thaithí
I dtrádstóras Áis, Aonad 3, Páirc Ghnó Dhún Seachlainn, Dún Seachlainn, Co. na Mí a bheidh an láthair oibre.
An fhoirm iarratais
Más spéis leat a bheith ar an bpainéal seo, ní mór duit CV as Gaeilge a sheoladh chuig poist@forasnagaeilge.ie le “Painéal Tascoibrithe Áis 2025” mar ábhar líne. Beidh sé de dhiscréid ag Foras na Gaeilge iarrthóirí a chur faoi scrúdú agus/nó faoi agallamh.
Tá sé de cheart ag Foras na Gaeilge an comórtas seo a chur ar ceal más mian leo, agus níl sé de dhualgas ar Fhoras na Gaeilge conradh ná obair a bhronnadh ar aon iarrthóir de thoradh an phróisis seo. Tá Foras na Gaeilge tiomanta don chomhionannas deise agus fáiltímid roimh iarratais ó iarrthóirí a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu, beag beann ar chreideamh, ar inscne, ar mhíchumas, ar chine, ar dhearcadh polaitíochta, ar aois, ar stádas pósta, ar chlaonadh gnéis nó cé acu atá nó nach bhfuil cleithiúnaithe acu. Is ar bhonn fiúntais amháin a mheasfar gach iarratas. Tá cumas labhartha bunúsach sa Ghaeilge riachtanach le spás a bhaint amach ar an bpainéal seo.