Preaseisiúint: Socruithe oibre Fhoras na Gaeilge maidir le Covid-19

I láthair na huaire, agus pobal na hÉireann uile ag dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le COVID-19, beidh sé tábhachtach go n-oibreoidh comhlachtaí de gach uile chineál i gcomhar le chéile le hiarmhairtí leathadh an víris a mhaolú.

Leis na contúirtí a bhaineann le leathadh an víris a mhaolú dár mbaill foirne, dár gcomhghleacaithe in eagraíochtaí eile, agus don phobal, lena sláinte agus slándáil a chosaint, tá socruithe ar leith curtha i bhfeidhm ag Foras na Gaeilge inniu sna cúig oifig.

Le treoir an dá rialtas a chur i bhfeidhm, agus go dtí go mbeidh deireadh leis an éigeandáil a bhaineann le Covid-19, beidh bunús na foirne ábalta a bheith ag obair sa bhaile. Cé nach mbeidh an fhoireann i láthair sna hoifigí éagsúla, beidh obair Fhoras na Gaeilge, a oiread agus is féidir, ag leanúint ar aghaidh mar is gnáth.

Beidh cruinnithe oibre i measc na foirne, agus idir foireann Fhoras na Gaeilge agus páirtithe eile, á n-eagrú trí shocruithe físchomhdhála agus gutháin, agus tá socruithe curtha i bhfeidhm againn, de réir mar atá iarrtha ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, agus an Roinn Pobal, lena chinntiú go mbeidh eagraíochtaí ag fáil a gcuid maoinithe go luath le tacú leo idir seo agus deireadh na Bealtaine.

Beidh Bord Fhoras na Gaeilge ag leanúint lena gcuid oibre chomh maith, ag tacú leis an bhfoireann, agus ag treorú na heagraíochta, trí shocruithe teicneolaíochta dá gcuid cruinnithe.

Arsa an Príomhfheidhmeannach Seán Ó Coinn, agus é ag tagairt do na socruithe éigeandála inniu, “Ar ndóigh, agus muid ag plé mar shochaí thuaidh agus theas le ceann de na dúshláin is déine ar thug muid riamh aghaidh air, tá sé de dhualgas orainn uilig, inár réimsí éagsúla oibre agus saoil, tacú lenár bpobail, lenár bpairtithe leasmhara agus le chéile. Beidh foireann Fhoras na Gaeilge i dteagmháil leis na heagraíochtaí éagsúla a bhíonn ag brath orainn maidir le maoiniú, treoir agus comhairle le linn na seachtainí atá amach romhainn, lena chinntiú gur féidir leosan tacú leis an phobal, trí shocruithe teicneolaíochta, ar líne agus ar bhealaí cruthaitheacha agus nuálaíocha eile. Trí sin a dheánamh, tá súil againn gur féidir linne ár gcion-na féin a dhéanamh le cuidiú le pobal na hÉireann, thuaidh agus theas, agus le pobal na Gaeilge in Éirinn agus thar lear, fanacht i dteagmháil le chéile, agus a bheith ag tacú le chéile.”

Beidh na socruithe céanna teagmhála i bhfeidhm agus daoine ag iarraidh dul i dteagmháil le Foras na Gaeilge, agus beidh eolas breise á chur ar an suíomh gréasáin ar bhonn rialta.

Críoch

Tuilleadh eolais

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175    

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie