Nuashonruithe ó Fhoras na Gaeilge maidir leis an gCoróinvíreas (Covid-19)

Tá sé mar thosaíocht ag Foras na Gaeilge a chinntiú go bhfuil na céimeanna cuí glactha le baill foirne agus an pobal a chosaint ó Chovid-19. Tá an treoir is déanaí ón dá dhlínse thuaidh agus theas á leanúint ag Foras na Gaeilge agus tá monatóireacht leanúnach á déanamh againn ar chúrsaí agus ar na himpleachtaí do ghnó Fhoras na Gaeilge.

Go dtí seo, tá na céimeanna seo a leanas glactha ag Foras na Gaeilge le dul i ngleic le Covid-19:

  • Tá Foras na Gaeilge ag iarraidh ar iarratasóirí a gcuid iarratas ar scéimeanna maoinithe a chur chugainn ar ríomhphost.Tá gach eolas ar fáil anseo.
  • Polasaí curtha i bhfeidhm maidir le fostaithe Fhoras na Gaeilge a bheith ag obair ó chian
  • Leas á bhaint as trealamh físchomhdhála le cruinnithe a reáchtáil   

Tá oifigí Fhoras na Gaeilge oscailte ar bhonn an-teoranta i láthair na huaire; tá an cur chuige seo ag brath go hiomlán ar threoracha sláinte poiblí. Is féidir teagmháil a dhéanamh le baill foirne maidir le scéimeanna, deontais, acmhainní nó ócáidí atá eagraithe ar líne, nó de réir threoracha an rialtais, ag na seoltaí ríomhphoist agus uimhreacha teagmhála liostaithe thíos.

Fógrófar aon athruithe ar shocruithe oibre agus leanúnachais Fhoras na Gaeilge ar an suíomh seo má thagann aon athrú i bhfeidhm sa tréimhse amach romhainn.

Bí ar an eolas go bhfuil scéimeanna na heagraíochta á reachtáil i mbliana, in ainneoin na gcúinsí eisceachtúla. Is féidir iarratais a sheoladh ar ríomhphost. Is iad na scéimeanna atá ar oscailt faoi láthair ná:

Scéim Miondeontas Cholmcille; scéim ar mhaithe le tionscnamh nó comhpháirtíocht idir an Ghaeilge agus Gaeilge na hAlban a chur chun cinn,

Tá foireann na heagraíochta ar fáil don phobal má tá tacaíocht á lorg. Sa tábla thíos, tá eolas maidir leis na bealaí is fearr le teagmháil a dhéanamh leis na hoifigí éagsúla agus is féidir teagmháil a dhéanamh chomh maith de réir na réimsí oibre éagsúla. Mura bhfuil tú cinnte, is féidir teagmháil a dhéanamh ag agus déanfar do ríomhphost a sheoladh chuig an duine cuí nó an rannóg chuí.

Oifig

Uimhir Ghutháin

Baile Átha Cliath

01 639 8400

Béal Feirste

0044 48 9089 0970

Gaoth Dobhair

074 956 0113

Clár na Leabhar Gaeilge

046 943 0419

Áis

01 661 6522

 

Réimse Oibre

Seoladh Ríomhphoist

Ginearálta

An suíomh gréasáin & na meáin shóisialta

An Rannóg Oideachais

An Gúm

Clár na Leabhar Gaeilge

ÁIS

An Earnáil Phoiblí & na hEalaíona

Colmcille

An Rannóg Pobal & Gnó

An Coiste Téarmaíochta

Cúrsaí foclóireachta

 

Is féidir fógraí faoi scéimeanna eile atá le teacht chun cinn a aimsiú ag https://www.forasnagaeilge.ie/sceimeanna-maoinithe/.

Is féidir an t-eolas is déanaí maidir le Covid-19 a fháil ó Rialtas na hÉireann anseo

Leabhrán Eolais (Leagan Gaeilge)

Póstaer (Leagan Gaeilge)

An Creat Náisiúnta

Covid 19 Bí sábháilte