Preasráiteas: Siompóisiam Foclóireachta – Foclóireacht na Gaeilge agus Pobal na Gaeilge: cá bhfuil ár dtriall?

Anois agus tionscadal an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge i gcrích, tá Foras na Gaeilge ag iarraidh riachtanais phobal na Gaeilge i leith na foclóireachta Gaeilge a iniúchadh agus a fhiosrú. Sa siompóisiam seo, beidh painéal cainteoirí ag déanamh plé ar a dtaithí féin le foclóirí i réimsí ar leith i saol na Gaeilge. Beidh seisiún plé agus ceisteanna ag an deireadh ina dtabharfar deis don lucht féachana ceisteanna a chur faoi bhráid na gcainteoirí.

Ar Zoom agus ar YouTube a reáchtálfar an siompóisiam. Ní gá do dhaoine clárú agus ní bheidh aon táille iontrála i gceist.

Áit: https://zoom.us/j/97851771692

Áit: https://zoom.us/j/97851771692

Dáta: Dé Sathairn 27 Márta 2021

Am: 10:00-12:15

Eolas: www.forasnagaeilge.ie/siompoisiam

Am Mír Ainm
10:00 – 10:10 Fáilte Áine Ní Chiaráin (Cathaoirleach)
10:10 – 10:25 Na meáin Máirín Ní Ghadhra
10:25 – 10:40 An t-oideachas 3ú leibhéal Dónall Ó Braonáin
10:40 – 10:55 Pobal na Gaeltachta agus an t-oideachas Gaeltachta Máire Ní Fhinneadha
10:55 – 11:15 Sos
11:15 – 11:30 Tógáil clainne le Gaeilge Sorcha Ní Mhonacháin
11:30 – 11:45 An Gaeloideachas Dónal Ó hAiniféin
11:45 – 12:15 Plé agus Ceisteanna Áine Ní Chiaráin, an painéal, Pádraig Ó Mianáin

 

I measc na bpointí plé a mbeifear ag tabhairt aghaidh orthu sa siompóisiam beidh:

  • Tábhacht agus ról na bhfoclóirí nó a n-easpa sna réimsí thuasluaite
  • An ról atá ag foclóir aonteangach Gaeilge versus an ról atá ag foclóir dátheangach Gaeilge-Béarla

Teagmháil: chun agallaimh a eagrú nó chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le

Cormac Breathnach, Foras na Gaeilge

CBreathnach@forasnagaeilge.ie