Ráiteas Deireadh Bliana 2024: Fostaíocht, Foilsitheoireacht & Feasacht

  • 536 deontas bronnta & 220 post maoinithe  
  • €1m de dhíolachán leabhar trí Áis  
  • Aitheantas faighte ag Creidim Ionat ag Gradaim na Meán Digiteach 

Léiríonn Ráiteas Deireadh Bliana an tionchar a bhí ag Foras na Gaeilge le linn 2024 trí dheontais a chur ar fáil, fostaíocht a chruthú, agus úsáid na Gaeilge a chur chun cinn trí thionscadail feasachta agus scéimeanna maoinithe. Ba ábhar bróid d’Fhoras na Gaeilge 536 deontas a chur ar fáil fud fad an oileáin agus maoiniú a dhéanamh ar 220 post in earnáil na Gaeilge, idir Cheanneagraíochtaí, chomhpháirtithe agus ghrúpaí eile.  

Léiríodh an t-éileamh a bhí ar leabhair Ghaeilge (os cionn 200,000 aonad) trí luach díolacháin €1m a rinneadh le siopaí leabhar tríd an Áisíneacht Dáileacháin Leabhar. Thacaigh tionscadail lena n-áirítear Love Leabhar Gaeilge, Gradaim Foilsitheoireachta an Oireachtais 2024 agus Lá Domhanda na Leabhar 2024 go mór le feasacht a ardú faoi shárchaighdeán na leabhar Gaeilge atá á bhfoilsiú faoi láthair.  

Bhí lúcháir ar Fhoras na Gaeilge agus ar Lorg Media Gradam na Meán Digiteach a ghnóthú ar son na straitéise meán comhtháite is fearr do Creidim Ionat le tacaíocht ó RTÉ. Trí chomhpháirtíocht le Gael Linn, Gaelchultúr agus Scoil Scairte, mheall Creidim Ionat na céadta daoine le clárú do ranganna Gaeilge, imeachtaí ar líne agus acmhainní do gach leibhéal. Thug an feachtas feasachta, Scéal na nGael, léargas ar thorthaí na hinfheistíochta €1.8 m atá déanta ag Foras na Gaeilge in ionaid Ghaeilge ar fud na tíre le trí bliana.  

Dúirt Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, an tOllamh Regina Uí Chollatáin, “Agus Foras na Gaeilge ag ceiliúradh cúig bliana is fiche ar an bhfód in 2024, ba thráthúil dúinn an chéad chomhdháil idirnáisiúnta faoin bpróiseas pleanála teanga don Ghaeilge a eagrú. D’fhreastail Foras na Gaeilge ar an éileamh leanúnach ar leabhair Ghaeilge nuair a sháraigh díolachán Áis €1 mhilliún in 2024.” 

Dúirt Príomfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, "Ainneoin ar éirigh linn a bhaint amach le linn 2024 beidh cúrsaí buiséid thar a bheith dúshlánach do 2025 mar a sheasann rudaí. Tá géarghá le réiteach cothrom agus fadtéarmach maoinithe a ligfidh d’Fhoras na Gaeilge freastal ar an bpobal agus tógáil ar 2024, seachas seirbhísí a ghearradh”.  

Críoch 

Íomhánna 

Tá cóip PDF den Ráiteas Deireadh Bliana agus íomhánna breise ar fáil anseo:

Cóip PDF den Ráiteas Deireadh Bliana

Íomhá 1

Íomhá 2

Íomhá 3

Físeáin 

Comhdháil Pleanála Teanga Fhoras na Gaeilge 2024 

Súil siar ar Chreidim Ionat 2024

Scéal na nGael: Tacaíocht Fhoras na Gaeilge d’Ionaid Ghaeilge

Tuilleadh eolais  

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge 

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie