Ráiteas Fhoras na Gaeilge ó Oireachtas na Samhna 2024

  • Comhchruinniú idir Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta
  • €6.7 milliún de dheontais faofa ag bord Fhoras na Gaeilge

Reáchtáladh comhchruinniú idir Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta   ag Oireachtas na Samhna 2024 i gCill Airne inniu. Ag an gcruinniú, pléadh Creat Soláthair le haghaidh Seirbhísí Gaeilge do Chomhlachtaí Stáit, Fóram Pleanála Teanga na nÚdarás Áitiúil agus deiseanna féideartha comhpháirtíochta don todhchaí i réimse na pleanála teanga go háirithe.

Chuir bord Fhoras na Gaeilge fáilte mhór roimh bheirt chomhaltaí nuacheaptha, Gemma Ní Chionnaith agus Mairéad Ní Ghabháin, a d’fhreastail ar an gcéad chruinniú ó ceapadh iad ar an mbord i mí Mheán Fómhair 2024.

Ag an gcruinniú boird, faomhadh caiteachas os cionn €6.7 milliún do dheontaithe ar fud an oileáin. Ina measc, ceadaíodh deontais dar luach €4.8 milliún do na sé cheanneagraíocht Ghaeilge do 2025, lena n-áirítear Conradh na Gaeilge (€867,457), Cumann na bhFiann (€775,136), Gael Linn (€675,183), Gaeloideachas (€738,562), Glór na nGael (€1,123,615) agus Oireachtas na Gaeilge (€647,594).

Bronnfar £189,000 ar Mhisean Oirthear Bhéal Feirste le tacú le clár oibre 2025-2027.

Tá Turas tar éis cuid mhaith a bhaint amach le dhá bhliain déag tríd an obair cheannródaíoch atá déanta ag Linda Ervine le caidreamh an phobail Phrotastúnaigh, aontachtaigh agus dhílsigh leis an nGaeilge a threisiú mar chuid dá bhféiniúlacht. Le Naíscoil na Seolta anois faoi lán seoil, tá fréamhacha á gcur sa cheantar le go mbeidh éileamh ar sheirbhísí Gaeilge in Oirthear Bhéal Feirste amach anseo.

Faoin Scéim Raidió Pobail 2025-2027, ceadaíodh deontais do Raidió na Life (€840,000) agus do Raidió Fáilte (£722,400). Ceadaíodh maoiniú eatramhach suas le €50,000 don fhoilsitheoir Coiscéim le tacú le clár oibre na bliana 2024.

Anuas ar na cruinnithe, tá imeachtaí éagsúla á reáchtáil ag Foras na Gaeilge i réimse na téarmaíochta, na foclóireachta, na pleanála teanga agus an chomhairliúcháin le linn Oireachtas na Samhna 2024.

Ag fáiltiú roimh chinntí an bhoird, dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Tá ról ríthábhachtach i bhforbairt na Gaeilge ag leibhéal an phobail ag na sé cheanneagraíocht, agus ag na heagraíochtaí eile ar údaraigh Foras na Gaeilge maoiniú dóibh inniu. Is mar gheall ar an tacaíocht uathusan do grúpaí pobail ar fud an oileáin atá cuid de na forbairtí is suntasaí ag teacht chun cinn ó thaobh na teanga de. Táimid ag súil go mór le bheith ag obair go dlúth leo sa bhliain atá amach romhainn.”

Críoch

 

Tuilleadh eolais:

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge 

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie Teil: 087 293 7686