Ráiteas maidir le Buiséad 2025, 31 Eanáir 2025
Léirigh Ráiteas Deireadh Bliana 2024, a foilsíodh ar an Luan 27 Eanáir, an méid a bhain Foras na Gaeilge amach in 2024, go háirithe ag cruthú fostaíochta, ag ardú díolachán leabhar Gaeilge agus ag tacú le grúpaí fud fad an oileáin. Cuireadh 526 deontas ar fáil i rith na bliana.
Ach tar éis blianta de chiorruithe ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge ag dul siar go 2008 agus arduithe leanúnacha ar chostais bhliantúla de bharr chúrsaí boilscithe, arduithe leanúnacha ar rátaí pá agus bille pinsean a chuimsíonn pinsin fostaithe Bhord na Gaeilge, b’éigean do bhord Fhoras na Gaeilge teacht le chéile agus dul i ngleic le bearna mhór i mbuiséad 2025 ag an gcéad chruinniú de 2025. Is mar gheall ar an mborradh atá faoin nGaeilge agus ar an éileamh leanúnach ar scéimeanna maoinithe, gur cás le Foras na Gaeilge gur ciorruithe buiséid atá á bhfógairt inniu.
Mar a sheasann sé, is é €17.7m an túsphointe do bhuiséad bunlíne na bliana do 2025. As an tsuim sin, tá ceangaltais orainn (maoiniú atá geallta i gconarthaí, conarthaí fostaíochta na foirne san áireamh, agus i scéimeanna deontais ó bhlianta roimhe seo) de €16.9m. Is ionann seo agus 95% den bhuiséad. Nuair a chuirtear san áireamh na scéimeanna/tionscadail éagsúla ar thug Foras na Gaeilge fúthu in 2024, agus na harduithe dosheachanta, bhí bearna €817,945 i mbuiséad na bliana seo.
Is baolach nach bhfuil sé de rogha ag Foras na Gaeilge ach míreanna a bhaint ó chlár oibre agus bhuiséad na bliana agus cuid eile a ghearradh siar.
I measc na dtionscadal nach mbeidh maoiniú ar fáil dóibh i mbliana beidh; Feachtas feasachta Creidim Ionat, Séala an Aistriúchán, agus obair ar an gCorpas Foclóireachta.
I measc na scéimeanna atá á gcur ar ceal beidh; An Scéim Tacaíochta Gnó agus Scéim na bhFéilte Glaoch 2, a bhí le freastal ar fhéilte sa dara leath den bhliain.
Beidh laghduithe á ndéanamh ar chuid mhaith scéimeanna maoinithe a bheidh á reáchtáil le sábháiltí a chur i bhfeidhm i mbliana lena n-áirítear; Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge, Scéim na Mór-Imeachtaí Ealaíon, Scéim na gCompántas Drámaíochta, Scéim na nImeachtaí Óige, Scéim na gCampaí Samhraidh, Scoláireachtaí do mhic léinn ollscoile chomh maith caiteachas tionscadail agus corparáideach Fhoras na Gaeilge.
Le teacht ar shábháiltí chomh mór seo ar ár mbuiséad b’éigean d’Fhoras na Gaeilge laghdú ar chuid de na réimsí caiteachais is mó dá bhfuil againn. Dá réir sin, beidh ciorruithe le déanamh ar an maoiniú atá á chur ar fáil do na sé Cheanneagraíocht, grúpaí Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge agus Scéimeanna na Meán.
Dúirt Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, an tOllamh Regina Uí Chollatáin, “Tuigimid go mbeidh an-díomá ar ghrúpaí, nuair atá an geilleagar ó dheas chomh folláin sin, agus go mbeidh impleachtaí ag na cinntí seo ar chlár oibre na bliana chomh maith leis an earnáil agus réimse ina bhfuil siad ag obair. Is oth liom go mór an fógra seo a dhéanamh inniu ach táimid fós ag súil go mbeidh an deis ann fós cuid de na ciorruithe seo a tharraingt siar ag brath ar chúinsí maoinithe níos déanaí sa bhliain.”
Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Beidh oifigigh Fhoras na Gaeilge i dteagmháil le grúpaí agus le heagraíochtaí maidir leis na cinntí agus le treoir faoi na ciorruithe an tseachtain seo chugainn.”
Críoch
Tuilleadh eolais
Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge
Teil: 00 353 87 293 7686
Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie