Scéim bronnta leabhar uile-oileáin á seoladh ag Laureate na nÓg, Foras na Gaeilge, an Chomhairle Ealaíon

Gheobhaidh bunscoileanna beagnach 30,000 bunsaothar Gaeilge

Inniu (an 1 Meán Fómhair), rinne Laureate na nÓg, Áine Ní Ghlinn, i gcomhpháirtíocht le Foras na Gaeilge agus leis an gComhairle Ealaíon, An Bosca Leabharlainne a sheoladh, ar tionscnamh bronnta leabhar é faoina seolfar bosca de leabhair Ghaeilge chuig 1,125 bhunscoil ar fud na hÉireann. Is bunsaothair fhicsin Ghaeilge iad na leabhair, atá roghnaithe ag Áine í féin. Ina measc tá pictiúrleabhair, filíocht agus úrscéalta. Is leabhair iad atá cumtha agus deartha ag údair agus maisitheoirí na linne seo agus a foilsíodh in Éirinn. Tá gradaim buaite ag go leor acu agus roghnaíodh gach ceann díobh as a bharrfeabhais.

Is é An Bosca Leabharlainne príomhthionscadal Áine Ní Ghlinn ina cáil mar Laureate na nÓg (2020-2023). Nuair a fógraíodh gurb í 6ú Laureate na hÉireann don Litríocht do Pháistí, dúirt Áine go ndíreodh sí mar Laureate ar infheictheacht litríocht na Gaeilge do pháistí a mhéadú agus ar léitheoireacht na Gaeilge mar chaitheamh aimsire, ní mar ‘obair bhaile’ amháin, a chur chun cinn. Tá sí anois ag iarraidh ar bhunscoileanna ar fud na hÉireann iarratas a dhéanamh ar an mBosca Leabharlainne. Seo an méid a bhí le rá ag Laureate na nÓg, Áine Ní Ghlinn:

Gheobhaidh na scoileanna 25 leabhar mar aon le pacáiste tacaíochta. Gheobhaidh suas le fiche scoil Scéim Chónaithe le healaíontóir nó scríbhneoir agus beidh físcheardlanna le feiceáil ar líne freisin. Mo mhíle buíochas le Foras na Gaeilge agus leis an gComhairle Ealaíon as a gcuid tacaíochta. Táimid go léir ar aon intinn faoi thábhacht na léitheoireachta do dhaoine óga agus faoin tábhacht a bhaineann le pléisiúr a bhaint as a bheith ag léamh as Gaeilge seachas a bheith ag smaoineamh air mar obair bhaile.

Is tionscnamh uile-oileáin é An Bosca Leabharlainne atá á chur i gcrích i gcomhpháirtíocht le Foras na Gaeilge agus leis an gComhairle Ealaíon. Tá sé ar oscailt do bhunscoileanna lán-Bhéarla agus lán-Ghaeilge araon; tabharfar tús áite, áfach, do scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, chomh maith le bunscoileanna i mBailte Seirbhíse Gaeltachta agus i mbailte atá ainmnithe mar Líonraí Gaeilge. Agus é ag fógairt na comhpháirtíochta le Laureate na nÓg, agus ag deimhniú tacaíocht dar luach €300,000 don Bhosca Leabharlainne, seo mar a labhair Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn:

Tá sé an-tábhachtach gur féidir pobal gníomhach léitheoireachta a chinntiú don Ghaeilge don am atá le teacht. Mar sin, tá lúcháir ar Fhoras na Gaeilge tacú leis an tionscadal iontach seo a cheap Áine Ní Ghlinn mar phríomhthionscadal agus í ina Laureate na nÓg. Tá baint mhór ag Foras na Gaeilge le cur chun cinn na léitheoireachta tríd An Gúm, Clár na Leabhar Gaeilge agus ÁIS agus tá muid thar a bheith sásta a bheith ag comhoibriú le Laureate na nÓg agus An Chomhairle Ealaíon leis an léitheoireacht a chur chun cinn i measc daoine óga. Spreagfaidh An Bosca Leabharlainne páistí le sult a bhaint as na leabhair iontacha atá ar fáil agus cothóidh sé an chéad ghlúin eile de léitheoirí na Gaeilge.

Bhí an méid seo le rá ag Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, Maureen Kennelly:

Is cúis ollmhór bróid don Chomhairle Ealaíon é Laureate na nÓg, idir an onóir a thugann sé do scríbhneoir nó maisitheoir do pháistí, agus an uaillmhian agus scleondar a spreagann sé. Le tionscnamh an Bhosca Leabharlainne, tá slí á réiteach ag an Laureate, Áine Ní Ghlinn, chun gur féidir le páistí grá fad saoil a fhorbairt do leabhair den scoth agus a samhlaíocht agus a gcruthaitheacht a mhúscailt. Tá an léitheoireacht mar chaitheamh aimsire ar cheann de rudaí is aoibhne sa saol, agus is mór an chúis lúcháire dúinn é leabhair Ghaeilge den scoth a fheiceáil i lámha páistí ar fud na tíre.

Bunscoileanna ar spéis leo An Bosca Leabharlainne a fháil, is ceart dóibh foirm iarratais a líonadh amach ar shuíomh gréasáin Laureate na nÓg, childrenslaureate.ie. Is é Déardaoin an 14 Deireadh Fómhair 2021 an spriocdháta le hiarratas a dhéanamh. Is tionscnamh de chuid na Comhairle Ealaíon é Laureate na nÓg. Tá sé á bhainistiú agus á chur i gcrích thar ceann na Comhairle ag Leabhair Pháistí Éireann, agus faigheann sé tacaíocht ó Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann, agus ón Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige. Trí onóir a thabhairt d’ealaíontóir fíorchumasach díograiseach, tá Laureate na nÓg ag tacú leis an litríocht do pháistí agus do dhaoine óga agus á ceiliúradh, rud a spreagfaidh na glúnta de scríbhneoirí, maisitheoirí agus léitheoirí atá le teacht.

Tuilleadh Eolais:

Tá Áine Ní Ghlinn ar fáil le haghaidh agallamh

Teagmháil:

Anna Davitt (Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge)

087 673 6175 / adavitt@forasnagaeilge.ie