Scéim le tacaíocht mhargaíochta a sholáthar d’earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge

Tá leabhair den scoth á bhfoilsiú ag foilsitheoirí Gaeilge. Tá caighdeán na leabhar seo chomh hard nó níos fearr fiú ná cuid mhór de na leabhair atá á bhfoilsiú i mBéarla. Tá géarghá le cur chuige comhtháite a thabharfadh faoi mhargaíocht a dhéanamh ar bhonn uile-oileáin agus go deimhin go hidirnáisiúnta thar ceann na bhfoilsitheoirí. Is chuige sin atá scéim nua le tacaíocht mhargaíochta a sholáthar d’earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge á fógairt againn. Is scéim 30 mí a bheidh ann a mhairfidh ó mhí Iúil 2020 go mí na Nollag 2022.  Beidh an scéim nua seo ag tógáil ar an dea-obair a rinneadh faoin scéim seo ó bunaíodh é den chéad uair in 2014.

Tuilleadh Eolais:

An Scéim le Tacaíocht Mhargaíochta a Sholáthar, nóta eolais

Spriocdháta, 12 meán lae, an 19 Meitheamh 2020.

Foirm Iarratais

Chun an fhoirm iarratais a iarraidh déan teagmháil le hÁis ag 00353 1 6616522 nó ag an seoladh ríomhphoist ais@forasnagaeilge.ie.