Scéim Líonraí Gaeilge – Glaoch ar Iarratais
Ar threoir ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, faoi Acht na Gaeltachta (2012), is mian le Foras na Gaeilge próiseas léirithe suime d'iarrthóirí féideartha chun pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú i gceantair a bheadh oiriúnach le stádas mar Líonra Gaeilge a bhaint amach.
Is éard atá i gceist leis na Líonraí Gaeilge ná ceantair a bhfuil bunmhais chriticiúil bainte amach acu maidir le tacaíocht phobail agus stáit don Ghaeilge.
Beidh ar eagraíochtaí ar mian leo a bheith roghnaithe mar eagraíocht pleanála teanga, le stádas mar Líonra Gaeilge a bhaint amach dá gceantar, foirm iarratais a sheoladh isteach chuig Foras na Gaeilge faoin spriocdháta, an 30 Samhain 2026.
Bunaithe ar an bpróiseas iarratais seo, beidh Foras na Gaeilge ag tabhairt cuireadh d’eagraíochtaí incháilithe agus a ghnóthaíonn an marc tairseach cuir i láthair a dhéanamh maidir leis an bhfís atá acu le haitheantas mar Líonra Gaeilge a bhaint amach dá gceantar.
Mar thoradh ar an bpróiseas seo agus ar ordú an Aire faoi alt 11(1) d’Acht na Gaeltachta, beidh suas le trí iarrthóir rathúil ceaptha mar cheanneagraíocht pleanála teanga sa dlínse ó dheas. Is é Foras na Gaeilge a bheidh freagrach as suas le dhá iarrthóir rathúil a cheapadh sa dlínse ó thuaidh.
Tuilleadh eolais agus foirm iarratais ar fáil le híoslódáil anseo.