Scéim na bhFéilte 2021 Glaoch 1 (01 Eanáir – 31 Bealtaine)

04 Meá

Beidh Scéim na bhFéilte Glaoch 1 oscailte do ghrúpaí áitiúla cuí chun deis a thabhairt dóibh forbairt a dhéanamh ar fhéilte ealaíon nó ar eilimintí d’fhéilte atá á reáchtáil agus á gcur i bhfeidhm trí mheán na Gaeilge nó a bhfuil na healaíona Gaeilge mar chuid lárnach díobh idir 01 Eanáir agus 31 Bealtaine 2021.


Díríonn an scéim seo ar fhéilte a bhfuil d’aidhm acu an Ghaeilge, na healaíona Gaeilge, na healaíona dúchasacha agus oidhreacht na Gaeilge a chothú agus a chur chun cinn trí mheán na Gaeilge nó go dátheangach, mar dhlúthchuid den fhéile, agus ardán a chur ar fáil do phobal na Gaeilge, don mhórphobal agus d’earnáil na n-ealaíon.

   Foirm Iarratais Féilte 2021

Treoirlínte_Scéim na bhFéilte_Glaoch 1_2021

Seicliosta Cumhdach leanaí_Ó dheas

Treoir don Seicliosta Cumhdach leanaí_Ó dheas

Seicliosta Cumhdach leanaí_Ó Thuaidh

Treoir don Seicliosta Cumhdach leanaí_Ó Thuaidh

Cuir d'ainm ar ár liosta poist

Cuir d'ainm ar ár liosta poist leis an nuacht is déanaí maidir le Foras na Gaeilge a fháil.