Scéim na gCampaí Samhraidh 2020

Tá maoiniú á chur ar fáil ag Foras na Gaeilge do champaí samhraidh oiriúnacha trí Ghaeilge don aos óg (3 bliana - 18 mbliana d’aois):

  • a bhfuil sé mar aidhm acu an Ghaeilge a threisiú trí mheascán d’imeachtaí;
  • nach campaí cónaithe iad
  • a mhairfidh 5 lá;
  • a bheidh á reáchtáil idir an 22 Meitheamh agus an 28 Lúnasa 2020;
  • a mhairfidh ar a laghad 4.5 uair an chloig gach lá.

Is scéim neamhbhrabúsach í seo chun táillí an champa a choinneáil íseal do na daoine óga.

Is le hairgead poiblí a bhronntar deontais, agus tá dualgais reachtúla ar Fhoras na Gaeilge chun luach ar airgead gach tionscadail mhaoinithe a dheimhniú.

Molann Foras na Gaeilge d’iarratasóirí cómhaoiniú a lorg le haghaidh tionscadal, nuair is cuí, agus comhoibriú le heagraíochtaí eile leis an luach is fearr a fháil ó dheontas Fhoras na Gaeilge.

Cuirimid fáilte faoi leith roimh iarratais ó eagraíochtaí atá suite i gceantair aitheanta i straitéisí agus/nó i reachtaíocht rialtais.

Cáipéisí:

Treoirlínte Gaeilge_Scéim na gCampaí Samhraidh 2020

Foirm Iarratais Gaeilge_Scéim na gCampaí Samhraidh 2020

Tabhair faoi deara go gcaithfidh gach iarratasóir an seicliosta um chumhdach cuí a chur isteach leis an iarratas, tá na seicliostaí ar fáil thíos:

Treoir don Seicliosta Cumhdach leanaí_Ó Thuaidh

Treoir don Seicliosta Cumhdach leanaí_Ó dheas

Seicliosta Cumhdach leanaí_Ó Thuaidh

Seicliosta Cumhdach leanaí_Ó dheas

Is gá cóip chrua shínithe a chur isteach chuig Foras na Gaeilge roimh an spriocdháta.

Má tá aon cheist agat faoi ghné ar bith de na critéir cháilitheacha, déan teagmháil le Foras naGaeilge roimh an spriocdháta, 12.00pm, Dé hAoine,  an 28 Feabhra 2020.