Seacht mbealach le leanúint ar aghaidh ar d’aistear teanga!

Creidim Ionat

Faraor, a chairde, ó thaobh #CreidimIonat de, táimid tagtha chuig deireadh aistir. Tá an feachtas thart agus tá a spriocanna bainte amach ag ár meantaithe agus, le cúnamh Dé, agaibhse ar fad chomh maith! Ach ní chiallaíonn sé sin go bhfuil deireadh tagtha le bhur n-aistear teanga féin! Tá súil againn nach bhfuil in Creidim Ionat ach tús daoibhse agus go leanfaidh sibh ar aghaidh leis an nGaeilge. Mar sin, seo chugaibh liosta de bealaí éagsúla gur féidir libh bhur saol a Ghaelú agus leanúint ar aghaidh le bhur n-aistear teanga. Ar ndóigh, níl anseo ach roinnt moltaí, ach is cuma cá bhfuil sibh sa domhan, tá súil againn go mbeidh rud éicint ann daoibh!

 

  • 1) Ciorcal comhrá, maidin chaife, Pop-up Gaeltacht

Má tá cónaí ort in Éirinn (nó go deimhin, i neart áiteanna eile timpeall na cruinne), is maith an seans go bhfuil daoine i do cheantar ag bualadh le chéile go rialta d’fhonn Gaeilge a labhairt go sóisialta cheana féin, bíodh sé sin ag ciorcal comhrá, maidin caifé, nó tob-Ghaeltacht. Mar sin an chéad rud atá le déanamh ná a fáil amach cá bhfuil siad. Is féidir é sin a dhéanamh anseo, anseo agus anseo. Mura bhfuil grúpa ag bualadh le chéile i do cheantar cheana, is féidir le duine ar bith Pop-up Gaeltacht a eagrú áit ar bith!

  • 2) Glac ballraíocht le Conradh na Gaeilge

Tá trí shaghas ballraíochta ag Conradh na Gaeilge: craobhacha eagraíochta, craobhacha comhpháirteacha agus baill aonair.

  • Craobh eagraíochta: is í seo an chraobh thraidisiúnta dheonach a bhí riamh agus atá fós mar chroílár na heagraíochta. Is é an sprioc phraiticiúil atá ag craobh eagraíochta an Ghaeilge a chur chun cinn i gceantar nó i réimse na craoibhe sin. Níl de dhíth le craobh a bhunú ach coiste atá sásta imeachtaí sóisialta a eagrú ina gceantar féin nó/agus a bheith gníomhach i gcóras daonlathach na heagraíochta.
  • Craobh chomhpháirteach: is éard atá i gceist le craobh chomhpháirteach ná grúpa Gaeilge a bhfuil a stádas dlí féin aige atá ag iarraidh fós a bheith páirteach i gConradh na Gaeilge (mar shampla comharchumann Gaeltachta, grúpa Gaeilge a bhfuil stádas cuideachta acu cheana féin, etc.)
  • Baill aonair: freastalaíonn an córas ballraíochta seo ar an duine nach bhfuil in ann, ar chúiseanna éagsúla, páirt a ghlacadh in obair chraoibhe ach ar mhaith leo a bheith páirteach i gcur chun cinn na Gaeilge.

 

Is leis na craobhacha agus na baill aonair an eagraíocht agus feidhmíonn an eagraíocht ar na rúin a chuireann na baill chun cinn. Mar sin, mar chraobh nó ball beidh tú in ann mianta an phobail ina bhfuil tú ag obair a chur chun cinn agus a chur ar chláir oibre an Chonartha.

Beidh glór an phobail ina bhfuil tú ag obair le cloisteáil agus sinn ag déanamh ionadaíochta ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta le hairí rialtais, le feidhmeannaigh sna ranna rialtais éagsúla, leis an earnáil phríobháideach trí chéile etc.

Is féidir tuilleadh eolas faoi bhallraíocht a fháil, nó clárú mar bhall nó craobh anseo

 

  • 3) Seachtain na Gaeilge

Is féile idirnáisiúnta Ghaeilge í Seachtain na Gaeilge le Energia, atá ar an gceiliúradh is mó dár dteanga agus dár gcultúr dúchais a bhíonn ar siúl in Éirinn agus i go leor tíortha eile. Bíonn an fhéile ar siúl ón 1 go dtí an 17 Márta gach bliain. Tugann an fhéile deis do chuile dhuine sult a bhaint as an nGaeilge, idir chainteoirí dúchais, fhoghlaimeoirí agus lucht an chúpla focal.

Conas is féidir liom ullmhú do Sheachtain na Gaeilge le Energia 2023?

  • Bí ag cleachtadh
    Is féidir do chuid Gaeilge a chleachtadh trí fhreastal ar thobGhaeltacht, ciorcal comhrá nó imeachtaí Gaeilge eile sna míonna roimh an bhféile. Is féidir eolas a fháil faoi chiorcal comhrá i do cheantar anseo.
  • Eagraigh imeacht
    Tá ciste tacaíochta ar fáil don phobal le cabhrú imeachtaí a reáchtáil le linn na féile. Beidh an ciste ar oscailt ar an 1 Nollaig 2022 agus beidh tú in ann teacht ar an bhfoirm iarratais anseo.
  • Freastal ar imeachtaí na féile
    Cuirtear imeachtaí siamsúla agus spraíúla ar fáil i rith na féile, ar fud na tíre do gach cineál suime agus gach aoisghrúpa. Beidh liosta na n-imeachtaí ar fad le feiceáil ar Peig.ie.
  • Úsáid Gaeilge ar na meáin shóisialta
    Lean cuntas Sheachtain na Gaeilge le Energia (@snagaeilge) agus an haischlib #SnaG23 ar na meáin shóisialta leis an eolas is deanaí a fháil faoin bhféile.
  • Suíomh Sheachtain na Gaeilge le Energia
    Téigh go dtí snag.ie chun teacht ar go leor acmhainní úsáideacha don fhéile. Tá lámhleabhair, tráth na gceist samplach, póstaeir, cluichí do pháistí agus eolas faoi chomórtas na n-óg ann.

 

  • 4) Imeachtaí sóisialta/siamsaíochta Gaeilge

Tá an t-ádh dearg orainne i bpobal na Gaeilge, go bhfuil níos mó imeachtaí sóisialta agus siamsaíochta ná riamh ar siúl go rialta timpeall na cruinne! Bíonn imeachtaí againn a bhogann timpeall na tíre fearacht REIC, an oíche filíochta, focail labhartha agus rap; imeachtaí atá fréamhaithe in aon áit amháin fearacht drámaí sa dTaibhdhearc i nGaillimh, nó Amhránaithe an Chlub i gClub an Chonartha i mBaile Átha Cliath; agus imeachtaí a phreabann suas in áiteanna áirithe ag amanna áirithe fearacht Fhéile na Gealaí i nGaeltacht Ráth Chairn, nó an Phubaill Gaeilge ag Electric Picnic. Tá cúpla bealach ann chun imeachtaí a aimsiú i do cheantar. Tá PEIG.ie thar cionn lena haghaidh seo. Is féidir imeachtaí a fheiceáil ar leárscáil idirghníomhach air. Bealach eile is ea cuid de na háiteanna is mó a mbíonn imeachtaí ar siúl iontu a leanúint ar na meáin shóisialta, mar shampla, an Taibhdhearc agus Áras na nGael i gcathair na Gaillimhe, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich agus Áras Mhic Reachtain i mBéal feirste, Club an Chonartha agus Áras Chrónáin i mBaile Átha Cliath, nó Gaeltaca i gCorcaigh. Is féidir na hionaid Ghaeilge timpeall na tíre a aimsiú ar PEIG.ie freisin.

 

  • 5) Imir spórt trí Ghaeilge

Is iontach an bealach é le teanga a bhuanú i do shaol ná spórt a imirt sa teanga sin. Anuas air sin, buailfidh tú le cainteoirí eile agus cruthóidh tú caidrimh nua sa sprioctheanga! Má tá cónaí ort i mBaile Átha Cliath, i mBéal Feirste, nó i gcathair na Gaillimhe, tá an t-ádh ort, mar is ann d’fhoirne CLG lán-Ghaeilge cheana féin. Is iad sin na Gaeil Óga i mBaile Átha Cliath, Laochra Loch Lao i mBéal Feirste agus Gaeil na Gaillimhe i nGaillimh. Má tá tú i gceantar Gaeltachta, nó i ngar do cheann, is rí-mhaith an seans go mbeidh cumann CLG ag feidhmiú trí Ghaeilge i ngar duit cheana. Mura bhfuil tú i ngar d’aon fhoireann CLG lán-Ghaeilge, tá neart spórt eile is féidir a dhéanamh trí mheán na Gaeilge in áiteanna éagsúla timpeall na tíre chomh maith, leithéid dornálaíochta, cearáité, ióga agus rugbaí.

 

  • 6) Na meáin Ghaeilge

Tá an t-ádh orainn mar chainteoirí Gaeilge go bhfuil an oiread cineálacha meán ar fáil dúinn trí Ghaeilge. Idir chláir theilifíse ó TG4, RTÉ agus an BBC, chláir raidió agus phodchraoltaí iontacha ar Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life, Raidió Rí Rá, agus iriseoireacht agus scríbhneoireacht iontach ar tuairisc.ie agus nós.ie, nó san irisleabhar Comhar, i measc neart eile. Is féidir éisteacht le podchraoladh nó clár raidió amháin in aghaidh an lae go héasca agus cuirfidh sé go mór leis an méid Gaeilge i do shaol agus le do chumas Gaeilge labhartha a thuiscint. Anuas ar sin, tá na scórtha de mhílte cainteoirí Gaeilge gníomhacha ag scríobh agus ag idirghníomhú le chéile ar na meáin shóisialta. Tá grúpaí ar nós Gaeilge Amháin (a bhfuil breis agus 10,000 baill aige) ar Facebook, agus pobail láidre ar Twitter agus Instagram chomh maith. Má thosaíonn tú ag leanúint cuntais Ghaeilge agus ag giolcadh i nGaeilge, is maith an seans go dtosóidh cainteoirí Gaeilge eile ag idirghníomhú leat.

 

  • 7) Labhair Gaeilge le duine i do shaol!

I ndeireadh na ndála, is é an rud is tábhachtaí ná Gaeilge a labhairt. Más rud é go raibh meantóir ag cabhrú leat sprioc a bhaint amach le haghaidh Creidim Ionat, an bhféadfá leanúint ar aghaidh ag labhairt Gaeilge leis an té sin? An bhfuil aithne agat ar chainteoir Gaeilge eile i do shaol a bhféadfá Gaeilge a labhairt leo? Má tá aithne agat ar dhuine a bhfuil Gaeilge acu, mínigh dóibh go bhfuil tú ag iarraidh cur leis an méid Gaeilge is do shaol agus labhair Gaeilge leo chomh minic agus is féidir! Gach seans go mbeidh siad an-sásta cabhrú leat. An bhfuil páistí agat atá ag freastal ar oideachas lán-Ghaeilge? Má tá, tá neart áiseana againn le cabhrú leat do chaidreamh leo a Ghaelú agus bronntanas an dátheangachais a bhronnadh orthu!