Seimineár – Do Ghairm le Gaeilge
SEIMINEÁR: DO GHAIRM le gaeilge
ARNA EAGRÚ AG FORAS NA GAEILGE
Dé Sathairn, 3 Samhain in Aonach an Oireachtais idir 1-2pm
Painéal Cainte
Aindriú de Paor: Is as Carraig na Siúire i gCo Thiobraid Árann d'Aindriú de Paor. Tá sé ag obair mar láithreoir, tuairisceoir agus mar chúntóir léirithe in RTÉ le os cionn dhá bhliain. Oibríonn sé leis na stáisúin RTÉ Radio 1, RTÉ 2FM, RTÉ Raidió na Gaeltachta agus RTÉ Pulse. Cloistear go minic é ar Raidió na Life agus ar Newstalk chomh maith.
Ciara Ní É: Is Bleáthcliathach í Ciara Ní É. Bhain sí BA i nGaeilge agus Béarla amach i gColáiste na Tríonóide, agus MA i 'Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge' i gColáiste na hOllscoile, BÁC. Is scríbhneoir í (Nós, Comhar, Poetry Ireland) agus is í a reachtálann REIC, oíche filíochta agus cheoil a thugann sí timpeall na tíre agus chuig féiltí éagsúla (IMRAM, Féile na Gealaí, Body and Soul, Electric Picnic). Roghnaíodh í don scéim 'Introductions' de chuid Poetry Ireland, agus do Scéim Meantóireachta Fhoras na Gaeilge, agus faoi láthair na huaire tá sí ag díriú ar dhráma a chríochnú. Chaith Ciara an bhliain seo caite i Meiriceá ar ghradam Fulbright ag múineadh Gaeilge in ollscoil Villanova, agus scríobh sí faoina taithí do RTÉ ar líne.
Bean an Tí
Sinéad Ní Uallacháin: Raidió na Gaeltachta, TG4, Beo ar Éigean