Seimineár Gréasáin ar Ghairmeacha Beatha le Teangacha san Aontas Eorpach

Óstálfaidh Buan-Ionadaíocht na hÉireann chuig an Aontas Eorpach seimineár gréasáin ar Ghairmeacha Beatha le Teangacha san AE Dé Máirtan 29 Meitheamh 2021 ar 13:00 (an Bhruiséil)/ 12:00 (Baile Átha Cliath).

Is féidir clárú saor in aisce ANSEO

Bí linn le cloisteáil ó chainteoirí a bhíonn ag obair ar an Ateangaireacht agus ar an Aistriúchán in institiúidí an AE.

Pléifimid conairí gairme chuig poist teanga agus deiseanna oideachais san ateangaireacht agus san aistriúchán. Foghlaim tuilleadh faoi conas is féidir leat do chuid scileanna teanga a úsáid sna poist iontacha agus éagsúla seo i gcroílár institiúidí an AE.

Le freastal ar an seimineár gréasáin seo, cláraigh roimh 11:00 (an Bhruiséil)/ 10:00 (Baile Átha Cliath) Dé Máirt, an 29 Meitheamh 2021.

Gheobhaidh na daoine a fhreastalaíonn air ríomhphost leis an nasc chun breathnú ar an imeacht ar leathanach YouTube RGE an lá roimh an imeacht agus ar lá an imeachta féin.

Is é Eamonn Mac Aodha, Stiúrthóir Rannóg na Parlaiminte agus na nInstitiúidí ag Buan-Ionadaíocht na hÉireann chuig an Aontas Eorpach a bheidh mar mhodhnóir ar an imeacht.

Áireofar leis na cainteoirí:

  • Morag NEATH (Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta sa Choimisiún Eorpach)
  • Aisling NI CHATHAIN (Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta sa Choimisiún Eorpach)
  • Kevin MCCARTHY (Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta sa Choimisiún Eorpach)
  • Audrey-Ann FLYNN (Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin sa Choimisiún Eorpach)

Áireofar seisiún Ceisteanna agus Freagraí leis an imeacht.