Seoladh Léann Teanga: An Reiviú

Seolfar an séú heagrán den iris phiarmheasúnaithe Léann Teanga: An Reiviú ag 5:00 p.m Déardaoin, an 3 Bealtaine 2018 san Aula Maxima, An Chearnóg, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.  Foilsítear An Reiviú mar chuid den chúrsa MA sa Léann Teanga le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.  Baineann an iris leis na réimsí éagsúla teanga seo: an t- aistriúchán, an tsochtheangeolaíocht, an teangeolaíocht, teagasc teangacha, pleanáil teanga agus cúrsaí cumarsáide.  Is foilseachán bliantúil é seo, atá urraithe ag Foras na Gaeilge, a thugann ardán don dioscúrsa teanga in Éirinn agus thar lear.  An scríbhneoir cáiliúil Ré Ó Laighléis a sheolfaidh an iris go hoifigiúil i mbliana.

Seolfaidh Pól Ó Gallchóir, Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Scoláireacht Mhic Dhonncha i gcuimhne ar Joe Mac Donncha (1953-2016) ag an ócáid chéanna. Thug Joe Mac Donncha sársheirbhís do phobal na Gaeilge mar Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael (1997-2000), Cathaoirleach TG4 (2000-2004), Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge (2002-2006), Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe (2006-2013), Príomhfheidhmeannach Bhord Oideachais agus Oiliúna Mhaigh Eo, Shligigh agus Liatroma (2013-5), comhalta boird, Foras na Gaeilge (2011-2015) agus mar Chathaoirleach Fhoras na Gaeilge (2015-6).  In ómós dá shaothar leis an nGaeilge agus le Foras na Gaeilge, tá an Foras trasteorann ag cur maoiniú ar fáil le haghaidh dhá scoláireacht d’iarchéimithe Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ar luach €12,000 (€6,000 an ceann).

Mar chuid den ócáid chéanna, bronnfaidh Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge an Séala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí ar na hiarrthóirí ar éirigh leo é a bhaint amach i scrúdú 2017, agus  seolfaidh sé an leagan saor in aisce  d’Aip an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge chomh maith.

Beidh sólaistí ar fáil agus cuirfear fáilte roimh chách ag an ócáid seo.

Tuilleadh eolais ar fáil  ó  Áine Charlton (086-3163661) / Clíona Uí Dhálaigh (087-6223016) ag reiviuleannteanga@oegaillimh.ie,

  ó  Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht agus Feasacht, Foras na Gaeilge ag adavitt@forasnagaeilge.ie.

-Críoch -