Seoladh oifigiúil an Concise English-Irish Dictionary

Mar chuid d’fhéile Oireachtas na Samhna seolfaidh an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn an Concise English-Irish Dictionary go hoifigiúil. Tosóidh an ócáid inniu, Dé hAoine 30 Deireadh Fómhair, ag 1pm. In éineacht le Bean an Tí, Ciara Ní É, beidh daoine mór le rá amhail Dara Ó Briain, Mary McAleese agus Micheál Ó Muircheartaigh.