Siuán Ní Mhaonaigh ceaptha mar Chathaoirleach ar an bhFóram Forbartha Teanga

Tá Siuán Ní Mhaonaigh ceaptha ag Bord Fhoras na Gaeilge mar Chathaoirleach ar an bhFóram Forbartha Teanga don tréimhse Eanáir 2017 go dtí Nollaig 2020. Tagann Siuán i gcomharbacht ar an Ollamh Comhlach Regina Uí Chollatáin, Ceann na Scoile, Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis, COBÁC,  a bhí ag feidhmiú ó 2014 go deireadh 2016 mar Chathaoirleach an Fhóraim.

Is as Gaeltacht Ghaoth Dobhair do Shiuán a bhfuil céim BA aici ó Choláiste Phádraig, Má Nuad agus céim MPhil ó Choláiste na Tríonóide. Is taighdeoir agus comhairleoir teanga í a bhfuil saineolas aici i gcúrsaí measúnachta agus teagaisc. Tá sí ina stiúrthóir ar Theastas Eorpach na Gaeilge (www.teg.ie), tionscadal de chuid Lárionad na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad agus ina comhstiúrthóir ar an gcomhairleoireacht teanga Aistear (www.aistear.ie).  

I measc a cuid foilseachán tá Speaking Irish / An Ghaeilge Bheo (McGraw-Hill, 2008), Leasuithe ar Scrúdú Gaeilge na hArdteistiméireachta: Anailís ar a dTionchar (COGG, 2013) agus Snas agus Blas (CCEA, 2016).

Ag labhairt dó inniu, ghabh Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn buíochas leis an Ollamh Comhlach Uí Chollatáin, a rinne “obair cheannródaíoch mar chéad chathaoirleach an Fhóraim trí ardán bríomhar a bhunú agus a stiúradh do phobal na Gaeilge”.  Thréaslaigh sé a ceapachán le Siuán Ní Mhaonaigh agus ghuígh sé gach rath uirthi ina cúram nua.

Tá an Fóram Forbartha Teanga Uile-Oileáin ionadaíoch ar ghrúpaí sainleasa áitiúla teanga atá á maoiniú ag Foras na Gaeilge ag leibhéal an phobail agus is dlúthchuid é den chur chuige comhpháirtíochta, an struchtúr foirmiúil idir na Ceanneagraíochtaí agus Foras na Gaeilge.

Is é cuspóir an Fhóraim Forbartha Teanga tuairimí agus comhairle dheontaithe Fhoras na Gaeilge, i.e. pobal na teanga, a fháil ar fhorbairt na Gaeilge sna mór-réimsí atá faoi fhreagracht na sé Cheanneagraíocht, agus ar phleananna na gCeanneagraíochtaí. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi chuspóirí agus faoi bhallraíocht an Fhóraim ar shuíomh gréasáin Fhoras na Gaeilge anseo.