Siúlóid ar Shlí Cholmcille

2 p.m. Dé hAoine an 10 Bealtaine 2019

Ó Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha go Gartán

Beidh siúlóid ar Shlí Cholmcille Dé hAoine an 10 Bealtaine 2019 go Gartán, an áit ar saolaíodh Naomh Colmcille. Beidh Bláthnaid Rua Ní Chofaigh ó RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an tsiúlóid, agus í ag cur spéis i mbeatha an naoimh agus sa chomóradh atá ag teacht ó 2020 go dtí 2021 ar 1500 bliain ó saolaíodh Colmcille. Beidh  an staraí agus seandálaí Brian Lacey ann le scéalta ar Cholmcille agus le heolas faoin tseandálaíocht. Áirítear Colmcille mar aon le Bríd agus Pádraig mar thrí naomhphátrún na hÉireann, agus tá ómós ar leith do Cholmcille  in Éirinn agus in Albain. Nascann Slí Cholmcille (www.colmcille.org) áiteanna in Éirinn agus in Albain a bhfuil baint acu le Colmcille agus a chuid mainistreacha. Tá an tsiúlóid á heagrú ag an chlár Colmcille de chuid Fhoras na Gaeilge i gcomhar le RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Tosóidh an tsiúlóid ag 2 p.m. Dé hAoine an 10 Bealtaine i gcarrchlós Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha agus críochnóidh sí ar láthair bhreithe Cholmcille i nGartán. Beidh bus ar fáil chun pilleadh ar Ghleann Bheatha ina dhiaidh sin. Mairfidh an tsiúlóid féin tuairim is dhá uair an chloig. Tá cosán maith siúil ann, ach moltar do dhaoine bróga díonmhara agus cóta fearthainne a thabhairt leo.  Iarrtar ar dhaoine €3 a thabhairt leo le haghaidh chostas an bhus.

Eolas: Aodh Mac Ruairí amacruairi@forasnagaeilge.ie, fón 074 95 60113