Spotsolas – Gaelchultúr

Bunaíodh Gaelchultúr in 2004 agus é mar aidhm aige an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach, idir cheol, amhránaíocht agus damhsa, a chur chun cinn i mBaile Átha Cliath agus ar fud na tíre.

 

Cuireann Gaelchultúr cúrsaí agus acmhainní foghlama Gaeilge ar an gcaighdeán is airde ar fáil, atá dírithe ar dhaoine fásta ar fud na cruinne a bhfuil spéis acu sa teanga. Tá sé mar sprioc againn seirbhísí den scoth a thairiscint d’fhoghlaimeoirí agus do chainteoirí líofa chun iad a spreagadh lena gcuid Gaeilge a fheabhsú agus a shaibhriú. Tá cúrsaí Gaeilge á reáchtáil ag Gaelchultúr timpeall na hÉireann, agus múinteoirí cumasacha ina mbun, agus cuireann ár suíomh gréasáin ríomhfhoghlama, ranganna.com, deiseanna ar fáil d’fhoghlaimeoirí i ngach cearn den domhan cur lena gcuid Gaeilge.

Ó bhí 2005 ann, tá Gaelchultúr ag cur sainchúrsaí Gaeilge ar fáil i gcomhlachtaí de chuid na hearnála poiblí chun cabhrú leo a gcuid dualgas maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chomhlíonadh. Bíonn formhór na gcúrsaí a reáchtálaimid dírithe ar na baill foirne sin a mbíonn teagmháil rialta acu leis an bpobal agus an aidhm a bhíonn leis an oiliúint ná cur ar chumas na rannpháirtithe seirbhís do chustaiméirí a chur ar fáil trí Ghaeilge.

Ó bhí 2011 ann, tá Gaelchultúr roghnaithe ag Foras na Gaeilge le cúrsaí oiliúna a fhorbairt don earnáil phoiblí. Faoin scéim seo, tá Gaelchultúr tar éis an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil (TGG) a fhorbairt. Tá an-rath ar an TGG agus tá an líon daoine atá ag tabhairt faoi ag fás go leanúnach. I bhfómhar na bliana 2012 a reáchtáil Gaelchultúr an cúrsa den chéad uair, ag leibhéal 4 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí (CNC), agus ceathrar a d’fhreastail air. Anois, is féidir an TGG a dhéanamh ag leibhéil 3, 4, 5 agus 6 den CNC agus reáchtáiltear é in áiteanna éagsúla ar fud an oileáin. In 2016, thug breis agus 280 fostaí ón earnáil phoiblí faoin gcúrsa seo.

I samhradh na bliana 2013 bhronn Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (QQI) stádas mar choláiste tríú leibhéal ar Ghaelchultúr. Lena chois sin, thug siad cead don chomhlacht Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán a chur ar fáil ag leibhéal 9 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí. Bhí tús curtha, mar sin, le Coláiste na hÉireann, an chéad institiúid tríú leibhéal lán-Ghaeilge. Tá trí ghrúpa éagsúla tar éis an dioplóma iarchéime seo a bhaint amach ó cuireadh tús leis agus tá an ceathrú grúpa i mbun an chláir faoi láthair.

Trí shuíomh ríomhfhoghlama an chomhlachta, www.ranganna.com, bíonn foghlaimeoirí fásta na Gaeilge ag cur barr feabhais ar a gcumas sa teanga ó gach cearn den domhan. In 2016 thug breis agus 4,000 duine faoi chúrsaí ar an suíomh.

Tá go leor foilseachán curtha i gcló ag Gaelchultúr, idir leabhair d’fhoghlaimeoirí fásta agus acmhainní do mhúinteoirí bunscoile. Is é an foilseacháin i mó tóir atá foilsithe ag an gcomhlacht ná Gramadach gan Stró!; foilsíodh an ceathrú heagrán den ghraiméar seo in 2016 agus tá breis agus 20,000 cóip den leabhar díolta go dtí seo. Tá na foilseacháin seo, mar aon le go leor táirgí eile, ar díol ar shiopa ar líne an chomhlachta, www.siopa.ie.

Le tacaíocht ó Chlár na Leabhar Gaeilge, reáchtálann Gaelchultúr club leabhar Gaeilge ar líne, www.ClubLeabhar.com, le tacú agus le cabhrú le léamh agus le foilsiú leabhair Gaeilge. Roghnaítear leabhar gach mí le léamh agus le plé agus tá beagnach 2,000 ball cláraithe leis an suíomh.

Is mian le Gaelchultúr a chinntiú i gcónaí go mbainfidh foghlaimeoirí taitneamh agus tairbhe as na ranganna dár gcuid a bhfreastalóidh siad orthu agus go bhféachfaidh siad ar fhoghlaim na Gaeilge mar rud pléisiúrtha seachas mar dhualgas.