Clár na Leabhar Gaeilge

Cuireann Clár na Leabhar Gaeilge tacaíocht ar fáil do d’fhoilsitheoirí, do scríbhneoirí agus don phobal léitheoireachta i gcoitinne.

Scéim na Foilsitheoireachta

Is é aidhm na scéime seo cúnamh a thabhairt d’fhoilsitheoirí le leabhair Ghaeilge a fhoilsiú.

 

Scéim na Litríochta

Is é aidhm na scéime seo deis a thabhairt d’eagraíochtaí in Éirinn litríocht na Gaeilge a chur chun cinn.

 

Scéim na gCoimisiún

Is é aidhm na scéime seo ciste coimisiúnaithe a chur ar fáil d’fhoilsitheoirí Gaeilge a thacódh leo scríbhneoir(í) a choimisiúnú le díriú ar shaothar nua atá ar ardchaighdeán a scríobh trí mheán na Gaeilge.

 

An Scéim Meantóireachta

Is é aidhm na scéime seo deis a thabhairt do scríbhneoirí i dtús a ré scríbhneoireachta comhairle faoina gcuid scríbhinní agus faoi cheird na scríbhneoireachta i gcoitinne a fháil ó mheantóirí ar scríbhneoirí aitheanta iad.

 

Scéim na Mórfhéile Litríochta Gaeilge

Cuireann Clár na Leabhar Gaeilge tacaíocht mhaoinithe ar fáil d’IMRAM chun litríocht na Gaeilge a chur i gceartlár an tsaoil phoiblí in Éirinn, trí fhéile bhliantúil nuálach a eagrú, a ndéanfar ardán idirnáisiúnta di, a thacaíonn le scríbhneoirí, a spreagann díospóireacht agus a mheallann cainteoirí Gaeilge agus foghlaimeoirí na Gaeilge in Éirinn agus ar fud an diaspóra.

 

Clubleabhar.com

Cuireann Clár na Leabhar Gaeilge tacaíocht mhaoinithe ar fáil do Gaelchultúr leis an tionscadal clubleabhar.com a sholáthar do phobal litríochta na Gaeilge.

 

Scríobh Leabhar

Is é aidhm an togra seo deis a thabhairt do pháistí bunscoile a gcuid leabhar féin a scríobh, a dhearadh agus a fhoilsiú as Gaeilge.

 

Lá Domhanda na Leabhar

Cuireann Clár na Leabhar Gaeilge tacaíocht mhaoinithe ar fáil d’­fhoilsitheoir Gaeilge le leabhar Gaeilge a sholáthar do léitheoirí óga ar Lá Domhanda na Leabhar.

 

Teagmháil

Seoladh poist: Clár na Leabhar Gaeilge, Ráth Chairn, Áth Buí, Co. na Mí, C15 YXC1.

Guthán: +353 46 9430419

Ríomhphost: leabhar@forasnagaeilge.ie

 

 

Leabhrán faoin bhFoilsitheoireacht
logo