Tacaíocht don Earnáil Phoiblí

Ag Éascú Úsáid na Gaeilge san Earnáil Phoiblí

Déanann Foras na Gaeilge comhairle, tacaíocht agus scéimeanna oiliúna a chur ar fáil agus a fhorbairt don earnáil phoiblí, i gcomhthéacs Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ó dheas agus na Cairte Eorpaí um Theangacha Réigiúnach nó Mionlaigh ó thuaidh. Le linn 2013, d’fhógair Foras na Gaeilge Scéim na nOifigeach Gaeilge do Thuaisceart Éireann chun an Ghaeilge a chur chun cinn san earnáil phoiblí. Sa bhliain 2015 reáchtáladh comhdháil do na comhairlí uilig i dTuaisceart Éireann i gcomhar le Conradh na Gaeilge agus rinneadh plé leathan ar na dualgais áirithe atá ar chomhairlí faoin reachtaíocht faoi seach. Chuige sin chuir Foras na Gaeilge treoircháipéis i dtoll a chéile ina léirítear an reachtaíocht agus samplaí den dea-chleachtas.

Déanann Foras na Gaeilge maoirsiú ar An Séala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí agus Eagarthóirí. Is cáilíocht ghairmiúil í seo d’aistritheoirí agus d’eagarthóirí Gaeilge a fheidhmíonn mar dhearbhú i leith caighdeán oibre an aistritheora agus eagarthóra.

Tá liosta aistritheoirí ar bronnadh an séala orthu ar fáil anseo: An Painéal

Tá liosta eagarthóirí ar bronnadh an séala orthu ar fáil anseo: Eagarthóirí Creidiúnaithe

Tá sé mar aidhm ag Foras an Gaeilge a chinntiú i gcónaí go mbainfidh foghlaimeoirí taitneamh agus tairbhe as na ranganna a bhfreastalóidh siad orthu faoi Scéim do Sholáthróirí Sainchúrsaí Oiliúna Gaeilge gaelchultur BEAG don Earnáil Phoiblí 2015- 2018. Faoin scéim seo tugadh maoiniú do Ghaelchultúr Teo. le sainchúrsaí Gaeilge a chur ar fáil i gcomhlachtaí de chuid na hearnála poiblí chun cabhrú leo a gcuid dualgas maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chomhlíonadh. Bíonn formhór na gcúrsaí a reáchtáiltear dírithe ar na baill foirne sin a mbíonn teagmháil rialta acu leis an bpobal agus an aidhm a bhíonn leis an oiliúint ná cur ar chumas na rannpháirtithe seirbhís do chustaiméirí a chur ar fáil trí Ghaeilge. Tá cúrsaí deartha chomh maith d’fhostaithe ar gá dóibh caighdeán ard Gaeilge a bhaint amach chun gur féidir leo a gcuid oibre a dhéanamh sa teanga sin.