Tacaíocht Ealaíon

Ag Cothú na nEalaíon

Cuireann Foras na Gaeilge na healaíona Gaeilge, na healaíona traidisiúnta, cultúr na Gaeilge agus saíocht na Gaeilge chun cinn ar bhonn uile-oileáin agus ar bhonn idirnáisiúnta trí pholasaithe maoinithe ashutterstock_168085664 cheapadh agus a fheidhmiú. Cuimsíonn an obair seo earnáil na n-ealaíon, féilte, comhdhálacha, siompóisiamaí, ceardlanna oiliúna, foilseacháin, scannáin agus dlúthdhioscaí.

Áirítear Scéim na bhFéilte, Scéim na gCompántas Drámaíochta agus Scéim na Mór-Imeachtaí Ealaíon i measc na dtionscadal sa réimse seo. Tá tuilleadh eolais faoi na scéimeanna seo ar fáil anseo.