Tacaíocht Ghnó

An Ghaeilge san Earnáil Ghnó Phríobháideach

Cuireann Foras na Gaeilge úsáid na Gaeilge chun cinn trína rannpháirtíocht i bpleanáil straitéiseach i gcomhar le páirtithe leasmhara san earnáil ghnó phríobháideach agus tugtar tacaíocht do lucht gnó an fheidhm phraiticiúil ghnó a bhaineann leis an nGaeilge a iniúchadh. D’eascair go leor tionscadal fiúntacha ón gcomhoibriú seo thar na blianta lena n-áirítear bróisiúr dátheangach Pháirc Tayto.

Foilsíonn Foras na Gaeilge taighde agus treoir maidir le dea-chleachtas i réimse an ghnó, lena n-áirítear an treoirleabhar nua ar úsáid an dátheangachais ar phacáistíocht, atá ar fáil anseo agus thíos:

GNÓ MEANS BUSINESS

Is roinn faoi leith de shuíomh gréasáin Fhoras na Gaeilge é ‘Gnó Means Business’ atá mar fhoinse lárnach eolais ar an nGaeilge i gcomhthéacs na hearnála gnó i gcoitinne. Cliceáil anseo le cuairt a thabhairt ar an suíomh.

Ábhair Bholscaireachta

Anuas ar an gcomhairle agus tacaíocht a thugann Foras na Gaeilge do lucht gnó, cuirtear ábhair bholscaireachta ar fáil do ghníomhaíochtaí agus d’ócáidí a bhaineann le cúrsaí pobail mar aon le saináiseanna tacaíochta don earnáil ghnó. Is féidir acmhainní, ag brath ar stoc, a ordú anseo.

Is féidir aon fhiosruithe maidir le tacaíocht in earnáil an ghnó a sheoladh chuig gno@forasnagaeilge.ie