TAIGHDE NEAMHSPLEÁCH FHORAS NA GAEILGE AR AN EARNÁIL GHNÓ 2005 – 2020

In 2005, choimisiúnaigh Foras na Gaeilge, Ipsos MRBI le tabhairt faoi thaighde ar thuairimí an phobail i leith na Gaeilge san earnáil gnó. Rinneadh an taighde sa bhliain 2005, ar bhonn bliantúil idir 2007 - 2012 agus arís sa bhliain 2018. Ba é an comhlacht Kantar a thug faoin taighde is deireanaí sa bhliain 2020. Bhí cur chuige cainníochtúil i gceist leis an taighde, le suirbhé déanta ar níos mó ná 1,500 duine gach bliain ó thuaidh agus ó dheas. Suirbhéanna uile-oileánda, rinneadh iad le samplaí ionadaíocha ó thaobh na déimeagraifice de. Taifeadadh inscne, aois, stádas sóisialta agus réigiún na rannpháirtithe agus sna sé chontae, bhí catagóir breise ann do chreideamh na rannpháirtithe. Taifeadadh aicme ar bhealaí difriúla sna dlínsí; ó thuaidh, bhí ABC1, C2 agus DE mar chatagóirí, agus ó dheas bhí AB, C1, C2 agus DE mar chatagóirí. Cuireadh na ceisteanna céanna bliain i ndiaidh bliana chun léargas a thabhairt dúinn ar threochtaí, treochtaí atá leagtha amach sa leabhrán seo.

Tá sé i gceist go mbainfear úsáid as na torthaí agus an anailís seo mar uirlis tagartha don earnáil gnó, agus go mbeidh fianaise agus staitisticí riachtanacha curtha ar fáil do ghnólachtaí agus do chomhlachtaí príobháideacha. Tá réimse leathan eolais le sonrú ón taighde, maidir le margaíocht i nGaeilge, gnó trí Ghaeilge agus tosaíochtaí an phobail. Tá tionchar na gcúluithe eacnamaíochta agus clúdach dearfach nó diúltach den teanga le sonrú i dtorthaí an taighde. In ainneoin seo, is léir go bhfuil dea-thoil i measc an phobail i leith na Gaeilge agus gur buntáiste í an Ghaeilge san earnáil gnó.

Is féidir an taighde a léamh ina iomláine, agus a íoslódáil anseo.