Teanga gan Teorainn: Seachtain na Gaeilge le Energia 2019 seolta!

Cuireadh tús oifigiúil le Seachtain na Gaeilge le Energia inniu le tráthnóna siamsaíochta sráide agus spraoi teaghlaigh.  Beidh an fhéile á ceiliúadh ón 1 - 17 Márta i mbliana. Seoladh an fhéile inniu i Muineachán ag Ard Fheis Conradh na Gaeilge.  Is é "Teanga gan Teorainn" téama na hArd-Fheise i mbliana, atá feiliúnach don cheiliúradh idirnáisiúnta teanga seo.

Is iad Tracy Clifford, láithreoir le 2fm; peileadóir Atha Cliath Michael Darragh MacAuley; amhránaí Sibéal Ní Chasaide as Ráth Chairn; agus Linda Ervine, Oifigeach Forbartha Gaeilge in  Officer in East Belfast.

Tracy Clifford, láithreoir 2fm agus ambasadóir Sheachtain na Gaeilge le Energia said; “Táimid ar fad an-sásta bheith inár n-ambasadóirí ar Sheachtain na Gaeilge le Energia.  Ghlac os cionn 750,000 duine ar fud an domhain páirt, a léiríonn go bhfuil an teanga beo agus bríomhar.  Ní gá bheith líofa le sult a bhaint as an teanga agus cultúr, is deis iontach í an fhéile páirt a ghlacadh ar bhealach beag nó mór, ar scoil, sa bhaile, nó ag ceann de na himeachtaí áitiúla nó idirnáisiúnta.”

I mbliana, i measc na mílte imeacht spéisiúil eile, beidh Lá na Meán Sóisialta #LNMS19, a bheidh á reáchtáil i scoileanna áitiúla, ar líne, agus go hidirnáisiúnta le fás agus forbairt na teanga ar líne a cheiliúradh. 

Amy O’Shaughnessey, Bainisteoir Urraíochta Manager Energia; “Seo ár dtríú bhliain le Seachtain na Gaeilge le Energia, agus tá bród orainn bheith a tacú le féile bhríomhar Éireannach.  Mar chomhlacht Éireannach, tá sé tábhachtach dúinn tacaíocht a léiriú don chomhlachtaí agus eagraíochta Éireannacha, agus is sampla iontach í Seachtain na Gaeilge le Energia d'fhéile idirnáisiúnta a léiríonn mórtas inár dteanga agus cultúr dúchais."

Reáchtálfar Seachtain na Gaeilge le Energia ón 1 - 17 March, le seoladh idirnáisiúnta sa London Irish Centre ar an 2 Márta.