5 áis a chuireann Gaeloideachas ar fáil do Thuismitheoirí

An bhfuil do pháiste ag freastal ar scoil lán-Ghaeilge? Nó an bhfuil tú ag smaoineamh ar scoil lán-Ghaeilge a roghnú do do pháiste amach anseo? Cuireann Gaeloideachas neart áiseanna agus acmhainní ar fáil chun tacú le tuismitheoirí.

 

Seo 5 áis atá ar fáil ar líne:

 

  • 1) Ríomhphoist do Thuismitheoirí

Seolann Gaeloideachas ríomhphoist do thuismitheoirí ó am go chéile chun nuacht, eolas úsáideach, acmhainní agus áiseanna, agus nithe ábhartha eile a roinnt. An bhfuil tú ar na liosta ríomhphoist seo go fóill?

Cláraigh anseo

 

  • 2) Grúpa Facebook

Tá grúpa Facebook faoi leith curtha ar fáil ag Gaeloideachas do thuismitheoirí. ‘Tearmann Teaghlaigh’ an t-ainm atá ar an ngrúpa agus roinntear eolas, acmhainní, agus nithe eile ann. Tugann an grúpa seo deis do thuismitheoirí ceisteanna a chur agus a phlé le chéile freisin. Is féidir teacht ar an ngrúpa anseo.

 

  • 3) Suíomh IrishForParents

Ar shuíomh irishforparents.ie, gheobhaidh tú neart acmhainní atá dírithe ar na riachtanais teanga atá ag tuismitheoirí a bhfuil a gcuid páistí ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge. Cabhróidh na hacmhainní seo leat féin agus le do pháiste agus sibh ag gabháil trí oideachas lán-Ghaeilge le chéile.

 

  • 4) Bileoga Eolais

Tugtar eolas sna bileoga seo ar scoileanna lán-Ghaeilge agus ar bhuntáistí an tumoideachais. Tá leaganacha dátheangacha Gaeilge agus Béarla ar fáil ag na naisc thíos agus tá bileoga anois ar fáil i bhFraincís, Spáinnis, Rómáinis, Liotuáinis, Polainnis, agus Úcráinis ar gaeloideachas.ie/leabharlann.

Cúiseanna le Scoil Lán-Ghaeilge a Roghnú

Cúiseanna le Gaelcholáiste a Roghnú

 

  • 5) Físeáin ar YouTube

Déantar físeáin nua a uaslódáil ar chainéal YouTube Gaeloideachas go minic agus tá go leor físeáin ar fáil do thuismitheoirí cheana féin. Breathnaigh ar sraith Déan Comhrá chun focail agus frásaí nua a fhoghlaim le do pháiste, nó bain triail as smaointe sa seinnliosta ‘Ceardaíocht’ d’Oíche Shamhna sa bhaile!

 

Bíonn áiseanna agus acmhainní do thuismitheoirí á roinnt ag Gaeloideachas ar bhonn leanúnach ar na meáin shóisialta freisin. Déan cinnte muid a leanúint ar Facebook (Gaeloideachas), Instagram (@gaeloideachas), agus Twitter (@Gaeloid). Is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag eolas@gaeloideachas.ie nó ar 01 8535195, agus tá tuilleadh eolais agus acmhainní ar fáil ar www.gaeloideachas.ie.