Ceachtanna spraíúla ó Raidió na Life do pháistí bunscoile do Sheachtain na Gaeilge!

Raidió na Life ag cur anSpraoi’ isteach i gceachtanna trí Ghaeilge do pháistí scoile an tseachtain seo mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2022, agus glúin nua de láithreoirí raidió Gaeilge á spreagadh chun an teanga a labhairt ar na haerthonnta

Mar chuid den tionscadal seo, sraith spraíúil d’acmhainní foghlama ar líne á cur ar fáil ag Raidió na Life saor in aisce do Ghaelscoileanna, agus do scoileanna nach Gaelscoileanna iad freisinBeidh scileanna raidió á múineadh do pháistí agus an Ghaeilge á cur chun cinn ar bhealach spraíúil, taitneamhach, a mheallfaidh an ghlúin óg chun an teanga a úsáid agus iad ina réaltaí raidió!  

 

Is tionscadal é SPRAOI Raidió na Life a thugann deis do pháistí bunscoile an Ghaeilge a úsaid ar bhealach spraíúil agus oideachasúil. Tugann ardán freisin do pháistí a gcuid guthanna a bheith le cloisteáil ar an raidió. Beidh deis ag na páistí cur lena gcuid scileanna cumarsáide; lena gcuid féinmhuiníne; agus an Ghaeilge a úsáid i mbealach taitneamhach agus spreagúil, mar aon lena gcuid saothair a chraoladh ar Raidió na Life 106.4FM.  

 

na hacmhainní foghlama á gcur ar fáil saor in aisce ag Raidió na Life le húsáid i seomraí ranga ar fud na tíre. Gheofar treoracha ar conas iad seo a úsáid sna cáipéisí 'Acmhainní do Mhúinteoirí' agus 'Teaching Resources' atá ceangailte leis an ríomhphost seo. cabhair bhreise ag teastáil ó mhúinteoirí, ach ríomhphost a sheoladh chuig spraoi@raidionalife.ie. Le tacaíocht ó fhoireann SPRAOI, spreagfar múinteoirí le taifeadadh a dhéanamh leis na páistí sa seomra ranga sa chlós scoile, agus craolfar na taifeadtaí seo ar Raidió na Life don saol mór le cloisteáil

 

tionscadal SPRAOI forbartha le tacaíocht ó scéim Fuaim agus Fís Údarás Craolacháin na hÉireann, leis an táille ceadúnais teilifíse, agus le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge