Deis mhaoinithe trí bliana (2018-2020) ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich agus Gaeláras Uí Chanáin

Reáchtáil Foras na Gaeilge próiseas comhairliúcháin idir Aibreán agus an Mheithimh 2017 le tuairimí a lorg faoin mbealach is fearr chun tacaíocht a chur ar fáil d’ionaid Ghaeilge ar fud an oileáin. Bhí mar aidhm ag an bpróiseas athbhreithniú a dhéanamh ar an bhfreastal a dhéanann Foras na Gaeilge ar ionaid Ghaeilge le freastal níos straitéisí agus níos leithne a dhéanamh ar phobal na Gaeilge ó thuaidh agus ó dheas. nach bhfuil aon scéim poiblí ag Foras na Gaeilge faoi láthair le freastal ar ionaid Ghaeilge, deontas bliantúil á chur ar fáil do Chultúrlann McAdam Ó Fiaich i gCathair Bhéal Feirste agus do Ghaeláras Chanáin i gCathair Dhoire.

Lorgaíodh tuairimí maidir le ceithre rogha a chuirfeadh tacaíocht mhaoinithe ar fáil d’ionaid Ghaeilge ar bhealaí éagsúla le linn an phróisis. Bunaithe ar na freagairtí a fuarthas, cinneadh déanta ag Foras na Gaeilge deis mhaoinithe 3 bliana a chur ar fáil do Chultúrlann McAdam Ó Fiaich agus do Ghaeláras Chanáin ó mhí Eanáir 2018 ar aghaidh. Is trí phróiseas iarratais agus measúnaithe ar dheontais ón ionad a dhéanfar aon mhaoiniú a cheadú

Dúirt Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, “Tháinig teachtaireacht láidir ar ais chugainn ag tacú leis an soláthar acmhainní reatha a chuirtear ar fáil d’ionaid Ghaeilge agus Foras na Gaeilge tar éis éisteacht le haiseolas an chomhairliúcháin. Aithníonn Foras na Gaeilge an ról lárnach atá ag an chultúrlann laistigh bpobail agus gur eochairthionscadail cheannródaíocha iad a bhfuil tábhacht siombalachais níos leithne acu do phobail na Gaeilge ar fud fad an oileáin. Ach chomh maith leis sin, aithnimíd an atá fós ann scéim faoi leith a thabhairt chun cinn chun tacaíocht a sholáthar do na scórtha eile ionaid Ghaeilge ar fud an oileáin agus is baolach nach raibh ar ár gcumas a leithéid de scéim a bhunú lenár n-allúntas reatha. feidhm agus tábhacht an Ionaid Ghaeilge in athréimniú na Gaeilge mar theanga pobail aitheanta mar bhunchloch den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus géarghá le soláthar breise chun scéim oiriúnach leis na hacmhainní cuí a chur i bhfeidhm. Beidh muid ag déanamh cás lenár ranna urraíochta chun acmhainní breise chuige sin a lorg.”

tuairisc iomlán agus anailís ar na haighneachtaí a fuarthas i dtaca leis an bpróiseas comhairliúcháin ar fáil ar https://www.forasnagaeilge.ie/nuacht/comhairliuchan/

Críoch

Tuilleadh eolais:

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175    

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie