Blag #LeChéile: Na buntáistí a bhaineann le hÍoga agus strus a laghdú, le Orlaith Ní Chearra

Tá ióga ag teastáil uainn inár saol anois níos mó ná riamh. Tá roinnt daoine faoi bhrú le scolaíocht  bhaile agus cianobair chomh maith. Tá na céadta post caillte. Tá comhlachtaí dúnta agus níl fhios acu cén uair agus cén chaoi a n-osclóidh siad arís. Tá daoine eile gafa le tinneas nó faraor faoi bhrón le bás duine atá gar dóibh. I gcás daoine áirithe tá an tsiopadóireacht á déanamh acu le lámhainní agus maisc agus iad ag coinneáil glan ó dhaoine eile.

Ní shábhálfaidh ióga an domhan ná ní réiteoidh sé ár gcuid fadhbanna go léir ach cabhróidh sé imní agus strus a mhaolú ó lá go lá. Ar leibhéal fisiciúil, is féidir le strus praiseach cheart a dhéanamh den chorp agus den mheabhairshláinte. Cabhraíonn ióga chun an leibhéal cortasóil sa chorp a rialú chun thú féin a shuaimhniú. Tá ióga thar cionn chun drochnósanna nó drochstaidiúir a athshocrú. Tríd an gcorp a bhogadh scaoileann an teannas uait agus cabhraíonn tú leis an gcorp ar fad fanacht sláintiúil.

Nuair a cuireadh ióga in iúl dúinn den chéad uair sa domhan thiar braitheadh go raibh sé go príomha do mhná i luiteoga lycra. Tá rudaí athraithe go mór agus tá i bhfad níos mó daoine tar éis na buntáistí a bhaineann le hióga a chleachtadh a fheiceáil. Feicimid anois lúthchleasaithe clúiteacha ar fud na tíre ag cleachtadh ióga. Faigheann ióga réidh le strus fisiciúil agus intinne. Faoi láthair tá áiseanna traenála dúnta, ach nuair a osclófar rudaí arís, ba mhaith leat a chinntiú nach mbeidh leath na foirne á ngortú féin ag rith isteach ina chéile nó ag leonadh rúitíní ag an gcéad seisiún traenála ar ais. Tá ióga iontach maith chun solúbthacht a fheabhsú. Is féidir le go leor “fanaicigh” aclaíochta dearmad a dhéanamh ar shíneadh agus iad ag obair sa seomra aclaíochta. Gan amhras ar bith, ba mhaith linn a bheith láidir, ach teastaíonn soghluaisteacht agus solúbthacht uainn freisin.

Nascann ióga ár n-intinn, ár gcorp agus ár n-anam. Uaireanta, bíonn imní orm faoin todhchaí agus cuidíonn ióga le muid a thabhairt ar ais go dtí an aimsir láithreach, agus díriú ar an nóiméad seo. Cuidíonn análú domhain nó prāṇāyāma linn a bheith socair agus scíth a ligean. Tá aireachas agus machnamh ag baint le hióga chomh maith. Mothaíonn roinnt daoine go bhfuil an chuid seo deacair, go háirithe más breá leo atmaisféar ardchumhachta agus iad san ionad aclaíochta. Ní theastaíonn uait do chuid smaointe nó mothúchán a mhúchadh ach cabhraíonn an cleachtadh linn léargas a fháil ar an iompar neamh-chomhfhiosach a bhíonn againn gan fhios dúinn féin.

Tá méadú mór tagtha ar líon na ndaoine in Éirinn a chleachtann ióga agus cé go bhféadfadh na stiúideonna ióga a bheith dúnta faoi láthair, tá an oiread sin múinteoirí iontacha ag múineadh ar líne ar Youtube agus Zoom faoi láthair. Dúirt cara liom go gceapann sé go bhfuil ióga cosúil le Tinder ar dtús, tá an oiread sin stíleanna ióga agus na céadta múinteoirí éagsúla ann go dtógann sé beagán svaidhpeála sula bhfaighidh tú an rang ceart duitse. Mholfainn d’éinne atá faoi strus nó faoi léigear anois triail a bhaint as ióga. Daoibhse atá ag iarraidh rud éigin mall agus suaimhneach a thriail, bheadh rang yin, is e sin íocshláinteach, go maith. Do thosaitheoirí, mholfainn haṭha, nó stíl bhog. Maidir le rud éigin ar luas beagán níos tapúla, mholfainn ranganna vinyāsa, is é sin sreabhadh, agus i gcomhair rud éigin níos dúshlánaí, bain triail as rang ashtanga, ióga cumhachta.

Tá roinnt ranganna ióga ag Orlaith ar líne faoi láthair. Tá ranganna corparáideacha agus ranganna do ghrúpaí príobháideacha ar fáil do ghnólachtaí agus d’fhoirne spóirt agus tá ranganna poiblí seachtainiúla ann freisin. Is féidir leat áirithint a dhéanamh ar líne ag www.yogawithorlaith.com.