Bonn Néill Uí Dhónaill 2022 buaite ag Katharina Dietz

Bhronn iníon agus gariníon Néill Uí Dhónaill, Éilis Grae agus Síle Grae, Bonn Néill Uí Dhónaill ar Katharina Dietz ag ócáid i gCeannáras Fhoras na Gaeilge i mBaile Átha Cliath Dé Céadaoin seo caite. Ba í Katharina a bhuaigh an phríomhdhuais i gcomórtas aistí foclóireachta atá curtha ar bun ag Rannóg na Foclóireachta i bhForas na Gaeilge agus a bhfuil d’aidhm aige mic léinn tríú leibhéal a chur ag machnamh ar chúrsaí foclóireachta mar réimse taighde agus mar ghairm bheatha. Bhuaigh na na mic léinn seo a leanas duaiseanna i mbliana:

  • Duais Chúige Chonnacht agus an phríomhdhuais – Katharina Dietz (Coláiste na Tríonóide) – duais €300 agus Bonn Néill Uí Dhónaill
  • Duais Chúige Uladh – Tomás Ó hAodha (Ollscoil Uladh Mhig Aoidh) – duais €200
  • Duais Chúige Mumhan – Saoirse Ní Bhriain (Coláiste San Aingeal) – duais €200

Chuaigh réimse an ábhair agus ardchaighdeán an n-aistí i gcoitinne go mór i bhfeidhm ar an bpainéal measúnaithe. Arsa Pádraig Ó Mianáin, Eagarthóir Foclóireachta Fhoras na Gaeilge:

“Tá an-spéis léirithe ag mic léinn i gcomórtas aistí Bhonn Néill Uí Dhónaill dhá bhliain as a chéile, agus is ábhar mór dóchais é sin dúinn i Rannóg na Foclóireachta. Tréaslaímid an obair mhór leis na mic léinn go léir a chuir isteach ar an gcomórtas i mbliana. Gabhaimid ár mbuíochas leis na léachtóirí agus leis na teagascóirí a chabhraigh leo a gcuid aistí a ullmhú nó a spreag iad le cur isteach ar an gcomórtas. Comhghairdeas le Katharina, Tomás agus Saoirse a scríobh aistí den scoth agus a bhuaigh duaiseanna an chomórtais i mbliana. Gabhaimid buíochas ó chroí le hÉilis Grae agus le Síle Grae, iníon agus gariníon Néill Uí Dhónaill; ba mhór an phribhléid dúinn go raibh siad beirt i láthair ag an ócáid.”

Scríobh Katharina Dietz aiste dar teideal “An bhfuil ré na bhfoclóirí clóite thart?”. San aiste, rinne sí scagadh ar na buntáistí agus ar na míbhuntáistí a bhaineann le foclóirí clóite agus le foclóirí digiteacha. Rinne sí iniúchadh ar thionchar na réabhlóide digití i gcomhthéacs na Gaeilge, ach lena chois sin, chuir sí béim ar na luachanna a bhaineann le foclóirí traidisiúnta clóite. Phléigh Katharina cumhacht na n-acmhainní foclóireachta ilfheidhmeacha atá ar fáil ar líne, ach os a choinne sin, luaigh sí nach féidir a rá go cinnte go bhfuil deireadh tagtha le ré na bhfoclóirí clóite, i bhfianaise staitisticí agus taighde le déanaí.

Is é seo an dara bliain atá an comórtas seo á reáchtáil ag Foras na Gaeilge in ómós don fhoclóirí mór le rá a bhí ina eagarthóir ar an bhfoclóir cáiliúil Foclóir Gaeilge-Béarla in 1977. Tá bonn speisialta coimisiúnaithe ag Foras na Gaeilge mar dhuais don chéad áit agus tá i gceist an comórtas seo a reáchtáil arís an bhliain seo chugainn.

Tuilleadh eolais:

Cormac Breathnach, Bainisteoir Tionscadail Foclóireachta, Foras na Gaeilge

aiseolas@focloir.ie