CÉIM 2 DE CHOMHAIRLIÚCHÁN POIBLÍ AR THREO STRAITÉISEACH FHORAS NA GAEILGE
Tá tús curtha ag Foras na Gaeilge le Céim 2 dá chomhairliúchán poiblí faoi Threo Straitéiseach nua na heagraíochta ina leagfar amach mórchuspóirí straitéiseacha na heagraíochta do na blianta 2025-2030.
I gCéim 1 den chomhairliúchán sa samhradh, thug Foras na Gaeilge cuireadh don phobal tuairimí a léiriú faoi dhréacht den Treo Straitéiseach a foilsíodh ar a shuíomh gréasáin. Fuarthas go leor freagraí, tá scagadh á dhéanamh orthu faoi láthair agus foilseofar tuairisc fúthu go luath.
Is cúis áthais d’Fhoras na Gaeilge Céim 2 den phróiseas comhairliúcháin a sheoladh inniu. Sa chéim sin, reáchtálfar cruinnithe poiblí, ar líne agus ar an láthair, i nDeireadh Fómhair agus Samhain 2024 chun tuilleadh deiseanna a thabhairt don phobal páirt a ghlacadh sa phlé. Seo a leanas sonraí na gcruinnithe sin:
- Dé Máirt 22ú Deireadh Fómhair ag 7pm: Raidió Fáilte, 30 Sráid Dhuibhise, Béal Feirste BT12 4AL (cuirfear ateangaireacht ar fáil).
- Déardaoin 31ú Deireadh Fómhair ag 4pm: Svuít 4, Leibhéal 1, INEC, Óstán Glen eagle, Cill Áirne, Co. Chiarraí (cruinniú i nGaeilge mar chuid d’Oireachtas na Gaeilge).
- Dé Máirt 19ú Samhain ag 4pm: cruinniú fíorúil ar líne (cuirfear ateangaireacht ar fáil). Cláraigh Anseo
- Dé Máirt 19ú Samhain ag 7pm: cruinniú fíorúil ar líne (cuirfear ateangaireacht ar fáil). Cláraigh Anseo
Dúirt Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge: “Tá sé ríthábhachtach d'Fhoras na Gaeilge cluas a thabhairt do dhearcthaí éagsúla i leith an Treo Straitéisigh seo. Táimid ag súil go mór le deis eile a fháil éisteacht le tuairimí an phobail i leith na cáipéise seo a bheidh ina clochmhíle dár n-obair straitéiseach sna blianta seo romhainn”.
Tá sé i gceist go dtabharfaidh bord Fhoras na Gaeilge a bheannacht don Treo Straitéiseach faoi dheireadh 2024 ionas go dtiocfaidh sé i bhfeidhm san athbhliain.
Tuilleadh eolais:
Oisín Mac Giolla Dhaltúin: Rannóg na Cumarsáide, Margaíochta & Feasachta, Foras na Gaeilge
Ríomhphost: omacgiolladhaltuin@forasnagaeilge.ie