‘CÉIM AR CHÉIM/STEP BY STEP’ – Aintiún do Fhoireann Ban na hÉireann sa Chorn Domhain i bPeil na mBan san Astráil/Nua Shéalainn 2023

Is amhrán dátheangach nuachumtha ό pheann Ré Uí Laighléis é an t-aintiún ‘CÉIM AR CHÉIM /STEP BY STEP’, a scríobhadh chun tacú lenár laochra peile – Mná na hÉireann – agus iad ag tabhairt aghaidhe ar an Astráil an samhradh seo.

É fuinniúil, samhlaíoch, damhsach, pramsach & dúchasach, idir fhocail agus cheol.

Samhlaigh ‘CÉIM AR CHÉIM/STEP BY STEP’  á radadh amach in ard a ngutha ag Éireannaigh sa mbaile agus Éireannaigh i gcéin nuair a shiúlfaidh Mná na hÉireann amach ar pháirc na himeartha i Sidní na hAstráile ar an 20ú Iúil.

Cόnascadh de thallanna éagsúla triúr de scoth ár n-ealaíontόirí dúchasacha – an scríbhneoir Ré Ó Laighléis, an t-amhránaí Anna Mullarkey agus an léiritheoir ceoil agus ceoltόir Daithí Ó Drόnaí – is ea CÉIM AR CHÉIM/STEP BY STEP.

“Ba rud ar leith dom é cuidiú le Ré an fhís a bhí aige an t-amhrán cumhachtach fuinniúil seo do Fhoireann Ban na hÉireann a thabhairt chun bláthaithe,” arsa Daithí Ó Drόnaí.”

“B’eispéireas bíogúil spreagúil don triúr againn é tarraingt le chéile ár dtallanna éagsúla san iarracht seo,” a deir Ré Ó Laighléis.

Beidh CÉIM AR CHÉIM/STEP BY STEP ar fáil όn 26 Bealtaine 2023 ar: Spotify, Amazon, Anghami, Apple Music, MediaNet, Boomplay, Deezer, Adaptr, Flo, Instagram/Facebook, You Tube Music, Joox, iHeartRadio, ClaroMusica, i-Tunes, KKBox, Kuack Media, NetEase, Qobuz, Pandora, Saavn, Tencent, Tidal, TikTok/Resso/Luna, Soundtrack by Twitch and Yandex Music (beta). [Dáileoir: DistroKid]

Iarratais ar agallaimh: Déan teagmháil le MÓINÍN, moininpublishers@gmail.com / Fόn 065 707 7256, NÓ le: Ré Ó Laighléis ag e-phost: anscriobhlann@gmail.com / Fόn 086 211 8074