Cluasa Capaill ar an Rí: Eagrán Lá Domhanda na Leabhar 2022

Tá ríméad ar Fhoras na Gaeilge go bhfuil eagrán speisialta de Cluasa Capaill ar an Rí le Bridget Bhreathnach, maisithe ag Shona Shirley Macdonald agus foilsithe ag Futa Fata, ar fáil mar chuid de Lá Domhanda na Leabhar ón lá inniu, an 3 Márta.

 

Fógraíodh an tionscadal comhpháirtíochta idir Foras na Gaeilge, Clár na Leabhar Gaeilge, an tOireachtas agus Lá Domhanda na Leabhar i mí Dheireadh Fómhair 2021 nuair a socraíodh go gcuirfí duaisleabhar Réics Carló 2021 (Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg), atá ar cheann de Ghradaim Foilsitheoireachta an Oireachtais, ar fáil mar eagrán speisialta Lá Domhanda na Leabhar 2022. Tá an t-eagrán speisialta ar fáil mar chúiteamh ar dhearbháin €1.50.

 

Tá Cluasa Capaill ar an Rí le Bridget Bhreathnach agus foilsithe ag Futa Fata i measc teidil mhóra lena n-áirítear Deadly! Irish History: Fun with the Celts and the Vikings! le John Farrelly agus foilsithe ag The O’Brien Press, chomh maith le dhá leabhar déag ó údair eile, Sharna Jackson, Michael Morpurgo agus Matt Lucas ina measc. Is féidir liosta iomlán na leabhar €1.50 a aimsiú ag worldbookday.com/books

 

Dúirt Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, “Tá lúcháir orm go mbeidh leabhar Gaeilge croílárnach sa cheiliúradh do Lá Domhanda na Leabhar 2022 inniu. Tá mé cinnte go mbainfidh páistí agus teaghlaigh ar fud an oileáin taitneamh as an leabhar Gaeilge draíochtúil seo a léamh. Tá súil agam go spreagfaidh sé tuilleadh léitheoireachta as Gaeilge sa bhaile.”

 

Tréaslaíonn Foras na Gaeilge Gradam Réics Carló 2021 arís le Futa Fata, leis an údar Bridget Bhreathnach agus leis an maisitheoir, Shona Shirley Macdonald.

 

Tá gach eolas maidir leis an eagrán spesialta ar fáil ar shuíomh Lá Domhanda na Leabhar: https://www.worldbookday.com/book/cluasa-capaill-ar-an-ri/