Comórtas na Leabhar Gaeilge – Mí Eanáir

Duaisleabhar na Míosa

An Dara Rogha le Celia de Fréine

Foilsitheoir: LeabhairCOMHAR

 

Bliain 19 sa Ré Úr. Am a bhfuil deireadh leis an saol a bhfuil aithne againn air agus cónaí ar an daonra i mbithsféir fud fad an domhain.

Is i mBithsféar 9 atá Emma agus Zara lonnaithe. Ar bhreithlá Emma, í seacht mbliana déag d’aois, roghnaítear í don chúrsa is tábhachtaí sa choláiste, dar leis na húdaráis. Ach céard atá i ndán dá cara, Zara, nach bhfuil chomh cliste céanna léi? An gcuirfear chuig Feirm na bhFéatas í le bheith ina síolraitheoir?

San úrscéal tuairimeach seo, tá go leor ceachtanna le foghlaim ag Emma agus Zara agus go leor dúshlán le sárú acu. An mbeidh orthu glacadh lena bhfuil i ndán dóibh nó an ann don dara rogha?

‘Ní raibh mé in ann an leabhar a chur síos ... Níl rud ar bith cosúil leis ar fáil i nGaeilge.’

– Laoise Ní Chléirigh

 

Conas an leabhar a bhuachan?

 

1.       Freagair an cheist

2.       Cuir d'ainm ar ár liosta poist

 

Spriocdháta le haghaidh iarratais: 1pm Dé Máirt, 7 Feabhra 2023