Cruinniú Boird in oifigí úra Fhoras na Gaeilge i mBéal Feirste
2 Iúil 2026
Tháinig Bord Fhoras na Gaeilge le chéile den chéad uair in oifigí úra na heagraíochta i lár Bhéal Feirste Dé hAoine seo caite. Den chéad uair, bhí deis ag comhaltaí boird Fhoras na Gaeilge teacht le chéile i lár na cathrach ó bhog an eagraíocht go spás úrnua oifigí i Sráid an Chleandair.

I measc na nithe ar chlár oibre an chruinnithe bhí aird ar chúrsaí oideachais agus scoilbhliain eile ag druidim chun deiridh. Bliain a bhí ann ina raibh borradh agus rath ar an nGaeloideachas ar fud na tíre, agus aird níos mó ar éilimh an phobail ar dheiseanna oideachais trí mheán na Gaeilge agus ar sholáthar breise sna háiteanna ina bhfuil bearnaí agus éileamh ón bpobal.
Mar chuid d’obair Fhoras na Gaeilge sa scoilbhliain 2025-2026, foilsíodh mórthuarascáil taighde 10 mbliana dar teideal Dearcthaí i leith na Gaeilge 2025: Cumas, Úsáid agus Dearcthaí ar Oileán na hÉireann. Léirigh an taighde seo, a rinne Ipsos B&A agus Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, go bhfuil méadú tagtha ar an tacaíocht don Ghaeilge ar fud na tíre. Tacaíonn 78% den daonra ó dheas leis an teanga agus 55% ó thuaidh, agus níos suntasaí fós, léirigh an taighde seo nach bhfuil aon fhreasúra don Ghaeilge san aoisghrúpa idir 18 agus 24 ó thuaidh.
I dtaca le cúrsaí oideachais de, léirigh torthaí an taighde go bhfuil éileamh láidir ar Ghaeloideachas, chomh maith le tacaíocht fhorleathan dó, i measc an phobail, agus go gcreideann mórchuid daoine ó thuaidh agus ó dheas gur cheart do na rialtais an Ghaelscolaíocht a chur ar fáil sna háiteanna ina bhfuil éileamh uirthi. D’fhreagair 84% ó dheas agus 67% ó thuaidh gur mhaith leo go mbeadh ní ba mhó tacaíochta ann don Ghaeloideachas, áit ar bith ina bhfuil éileamh uirthi.
Mar chuid den chruinniú Boird rinneadh plé ar ghnéithe oideachais an taighde i gcomhthéacs suirbhé bunscoile a d’fhoilsigh an Roinn Oideachais agus Óige ó dheas an tseachtain seo caite, a thacaigh le torthaí taighde Fhoras na Gaeilge. De réir shuirbhé Fhoras na Gaeilge, ó dheas ba mhaith le 87% de dhaoine go mbeadh an Ghaeilge á múineadh i mbunscoileanna agus ba mhaith le 45% de dhaoine an deis an Gaeloideachas a roghnú dá bpáistí ag leibhéal na bunscoile.
Ag tagairt do na torthaí seo, dúirt Leas-Phríomhfheidhmeannach/Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais Fhoras na Gaeilge, Conall Ó Máirtín:
“Tá gach píosa taighde atá déanta anois, idir thaighde Fhoras na Gaeilge agus taighde na Roinne féin, ag léiriú go bhfuil daoine ag iarraidh tuilleadh deiseanna don Ghaeloideachas ar fud na tíre. Is am thar a bheith cinniúnach é seo don teanga agus tá an dearcadh thar a bheith dearfach i leith na teanga, go háirithe i measc daoine óga — daoine a bheidh ag roghnú soláthar scoile dá bpáistí amach anseo. Tá sé thar a bheith tábhachtach anois pleanáil chuí a dhéanamh ar bhealach ar féidir leis an ghlúin seo na deiseanna seo a thapú agus go mbeidh rogha don Ghaeloideachas ar fáil dóibh. Faoi láthair, tá bearnaí ann idir dearcadh an phobail, éileamh ar an Ghaeloideachas agus an soláthar atá beartaithe. Creideann Foras na Gaeilge gur cheart go mbeadh an soláthar ag teacht le mianta an phobail agus go ndéanfaí forbairt ar an Ghaeloideachas mar thosaíocht.”
Ag tagairt don taighde oideachais is déanaí, d’iarr Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, an tOllamh Regina Uí Chollatáin, ar an dá rialtas níos mó tacaíochta a chur ar fáil don Ghaeloideachas. Rinne an tOllamh Uí Chollatáin tagairt ar leith sa chruinniú Boird don taighde is úire atá foilsithe ag Conradh na Gaeilge agus an tOllamh Pádraig Ó Duibhir, Ó Dhíolúine go hIonchuimsiú. Dúirt sí go raibh buairt uirthi go raibh díolúine ag breis agus 73,000 dalta ó staidéar na Gaeilge agus go bhfuil an ráta seo ag fás ag leibhéal an-ard.
Dúirt an tOllamh Uí Chollatáin:
“Is scéal thar a bheith tromchúiseach é torthaí an taighde seo atá déanta ag an Ollamh Pádraig Ó Duibhir. Tá Bord Fhoras na Gaeilge tiomanta do dhul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le ceist na ndíolúintí, agus tá práinn agus géarghá le straitéis chun é seo a dhéanamh sula n-imíonn na huimhreacha seo as smacht ar fad.”
Taobh amuigh den seomra ranga, tá maoiniú suntasach curtha ar fáil ag Foras na Gaeilge do bhreis agus 90 campa samhraidh i mbliana, idir champaí seoltóireachta, champaí sacair agus champaí ag díriú ar chúrsaí timpeallachta. Léiríonn an fás atá tagtha ar na campaí samhraidh go bhfuil daoine ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn taobh amuigh den ghnáth-infreastruchtúr seomra ranga, agus go bhfuil tábhacht ag baint le deiseanna úsáide Gaeilge in atmaisféar neamhfhoirmiúil d’fhás agus dul chun cinn na teanga.
Tá Foras na Gaeilge ag súil anois le samhradh gnóthach, lán d’imeachtaí agus d’fhéilte, agus beidh Béal Feirste i lár an aonaigh an samhradh seo nuair a bheas na mílte ag tabhairt cuairt ar an gcathair mar chuid de Fhleadh Cheoil na hÉireann.
Críoch

Íomhánna
Tá íomhánna curtha ar fáil leis seo ach is féidir tuilleadh a fháil ar iarratas.
Tuilleadh eolais
Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge
Teil: 00 353 87 293 7686
Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie