Do Ghairm le Gaeilge 2026

Tá áthas ar Fhoras na Gaeilge leagan nuashonraithe dár leabhrán Do Ghairm le Gaeilge a sheoladh, i gcomhar le GradIreland.

Ó foilsíodh an chéad eagrán den leabhrán seo, tá cuid mhór teideal nua post ann, rud a léiríonn forbairtí sna meáin, sna meáin shóisialta agus in earnáil na teicneolaíochta faisnéise (TF). Tá tuilleadh faisnéise faoi na réimsí éagsúla oibre ar leathanaigh 8–23. Tá éileamh mór ann go fóill i réimsí an aistriúcháin, agus i róil riaracháin san AE. Meastar go mbeidh tuilleadh fáis san oideachas (gach gné de), mar gheall ar threochtaí déimeagrafacha.

Tá cuid mhór féidearthachtaí ann maidir le gairmeacha beatha do chéimithe ar cainteoirí líofa Gaeilge iad. Tá deiseanna éagsúla ar fáil in earnálacha ar nós na meán cumarsáide, teicneolaíocht faisnéise, margaíocht, díolachán, san earnáil dheonach, san earnáil phoiblí agus sna healaíona gan ach cuid acu a lua.

Ní gá staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge ag an tríú leibhéal chun tairbhe a bhaint as na deiseanna seo. Is iad na tréithe is tábhachtaí chun post a fháil ina mbeifeá in ann úsáid a bhaint as do chuid Gaeilge ná diongbháilteacht chun an teanga a úsáid agus an cumas chun fostóirí agus teagmhálaithe atá in ann an deis seo a sholáthar a aithint, is cuma cén disciplín céime atá agat.

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach bhfuil na deiseanna gairmeacha seo teoranta do cheantair Ghaeltachta. De réir a chéile tá cuid mhór gnólachtaí in Éirinn ag dul i dteagmháil le hearnáil na Gaeilge chun a réimse sa mhargadh a fhairsingiú.

Is féidir an leabhrán iomlán a íoslódáil ANSEO.