An Draoi Gramadaí Seolta ag Oireachtas na Samhna

Rinne Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Ferdie Mac an Fhailigh, An Draoi Gramadaí a sheoladh go hoifigiúil ag Oireachtas na Samhna. Is uirlis í seo atá curtha ar fáil ar www.teanglann.ie, agus is féidir le foghlaimeoirí ainmfhocal agus aidiacht a chur le chéile chun na foirmeacha cearta díobh a fheiceáil:

an-draoi-gramadai

Tá sé beartaithe breis réimsí a chur leis An Draoi Gramadaí amach anseo – réamhfhocail, uimhreacha agus eile.

Uirlis eile – do stiúrthóirí gréasáin

Tá uirlis eile díreach curtha ar fáil againn ar www.teanglann.ie, darb ainm An Foclóirí. Is breiseán é seo ar féidir le suíomh ar bith i nGaeilge é a úsáid, chun a chur ar chumas a gcuid léitheoirí focal ar bith ar an scáileán a chuardach sna foclóirí atá ar teanglann.ie:

teanglann-ie

Tá breis eolais maidir leis an uirlis seo le fáil ag http://www.teanglann.ie/ga/_focloiri.