Edel Ní Chorráin ceaptha mar Stiúrthóir Seirbhísí Foilsitheoireachta, Foclóireachta & Téarmaíochta Fhoras na Gaeilge

Tá Edel Ní Chorráin ceaptha mar Stiúrthóir Seirbhísí Foilsitheoireachta, Foclóireachta agus Téarmaíochta Fhoras na Gaeilge. Rachaidh sí i mbun a cuid cúraimí sna seachtainí romhainn in oifigí Fhoras na Gaeilge i nGaoth Dobhair.

Tá taithí na mblianta ag Edel i réimse an oideachais, in oiliúint múinteoirí agus ag dearadh acmhainní teagaisc Gaeilge don seomra ranga go háirithe. I measc na dtionscadal a d’fhorbair Edel mar Bhainisteoir Oideachais don Ghaeloideachas, Iar-bhunscolaíocht, leis an gComhairle Curaclaim, Scrúdúcháin agus Measúnaithe (CCEA), tá foclóir ar líne ar a dtugtar Ríomhfhoclóir Matamaitice, a thugann sainmhíniú ar théarmaíocht na matamaitice. 

Tá Edel ag feidhmiú mar Leas-Phríomhfheidhmeannach/Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais Fhoras na Gaeilge ó mhí Lúnasa 2017. Reáchtálfar comórtas earcaíochta lena comharba a cheapadh le linn an earraigh. Mar Leas-Phríomhfheidhmeannach/Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais agus mar bhall den fhoireann ardbhainistíochta, tá Edel ina hionadaí thar ceann Fhoras na Gaeilge ó thuaidh, ag plé le dearadh straitéise don Ghaeilge ó thuaidh, agus ó dheas ar bhoird na Comhairle Naisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) agus na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) ó dheas. 

Ag tréaslú le hEdel Ní Chorráin as a ceapachán, dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, go mbeadh “taithí fhorleathan Edel Ní Chorráin i réimse an oideachais an-tábhachtach agus í ag plé le cúrsaí foilsitheoireachta, foclóireachta agus téarmaíochta, ó tharla gur forais oideachais, a ndaltaí agus scoláirí is mó a bhaineann leas as saothar Fhoras na Gaeilge sna réimsí sin.”

Beidh Edel Ní Chorráin ag fanacht ar fhoireann ardbhainistíochta Fhoras na Gaeilge ina ról úr, lena comhghleacaithe Shane Ó hEidhin, Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha, agus Breandán Mac Craith, Stiúrthóir Seirbhísí Forbartha na heagraíochta, a ceapadh ina ról in 2021 agus atá mar ionadaí Fhoras na Gaeilge ar an gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge, agus freagrach as cur i bhfeidhm pholasaí pleanála teanga an rialtais ó dheas lasmuigh den Ghaeltacht.

Ag labhairt faoina tosaíochtaí sa ról nua, dúirt Edel, “Is mór an onóir a bheith ceaptha sa ról seo i réimse atá ríthábhachtach agus riachtanach d’fhorbairt agus buanú na Gaeilge. Beidh sé mar thosaíocht agam acmhainní foghlama agus úsáid na teicneolaíochta a fhorbairt ar mhaithe le foghlaim na Gaeilge a éascú.”

Críoch

Nóta don Eagarthóir

Nóta beathaisnéise: Edel Ní Chorráin

Is ar an nGarastún i gCo. Fhear Manach a tógadh Edel Ní Chorráin. Is céimí de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh í (BA sa Ghaeilge agus Matamaitic). D’fhreastail sí ar Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, áit ar bhain sí Teastas Iarchéime san Oideachas agus M.Sc sna hIlmheáin Oideachais amach. Chaith Edel tréimhsí éagsúla ag múineadh i gColáiste Feirste i mBéal Feirste, i gColáiste Chineál Eoghain i gCo. Dhún na nGall agus mar Eagarthóir Cúnta le Foras na Gaeilge. Chaith sí 10 mbliana ag obair mar chinnire, mar mhúinteoir agus ansin mar Phríomhoide i gColáiste Mhachaire Rabhartaigh. Ceapadh í mar Bhainisteoir Oideachais don Ghaeloideachas, Iar-bhunscolaíocht, leis an gComhairle Curaclaim, Scrúdúcháin agus Measúnaithe (CCEA) in 2012 agus le linn na tréimhse sin bhí sí freagrach as acmhainní a sholáthar don earnáil iar-bhunscolaíochta lán-Ghaeilge ó thuaidh, acmhainní ar líne ina measc.

Ceapadh Edel ina Leas-Phríomhfheidhmeannach/Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais i bhForas na Gaeilge i mí Lúnasa 2017.

Tuilleadh eolais:

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175    

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie