Fás le Foras – Réamhrá

Fás le Foras

 

Sa lá atá inniu ann tá na céadta eagraíochtaí agus grúpaí éagsúla ag feidhmiú ar son na Gaeilge. Cé acu atá bainteach le cúrsaí spóirt, cúrsaí ceoil, cúrsaí litríochta nó mar sin. Níl aon amhras cé chomh tábhachtach is atá a n-iarrachtaí ar son na teanga. Caithfear aird a tharraingt orthu agus a thacú leo. Dar ndóigh bíonn Foras na Gaeilge ag plé le eagraíochtaí de gach aon shaghas ar fud fad an oileáin agus bíonn maoiniú ar fáil le cuidiú lena spriocanna agus dul chun cinn a dhéanamh.

Is ar a chaoi seo atá tionscnamh nua faoi bhun ag Foras na Gaeilge. Ba mhaith leis an bhForas na heagraíochtaí atá á thacú acu, a chur in aithne don phobal trí mheán blag nua a thosú ar líne – ‘Fás le Foras’. Is í aidhm an tionscnaimh ‘Fás le Foras’ ná blag a fhoilsiú uair sa tseachtain ag déanamh cur síos ar eagraíocht ar leith atá an Ghaeilge á chur chun cinn acu i mbealach áirithe. Beidh an blag seo ar fáil go seachtainiúil i gcomhar le tuilleadh eolas ar na meáin shóisialta.

Déanfar trácht ar spriocanna, modhanna agus scéimeanna/iarrachtaí na heagraíochta le linn an bhlag agus beidh deis ag léitheoirí foghlaim faoi eagraíochtaí Gaelacha ar fud an oileain. Chuamar i dteagmháil leis na heagraíochtaí éagsúla seo agus mar sin beidh teistiméireachtaí ó dhaoine bainteach leo mar chuid den bhlag ionas léargas éifeachtach a thabhairt ar obair na heagraíochta.

Mar réamhspléachadh beag ar an méid atá le teacht, beidh eagraíochtaí ar nós Raidió na Life, Móinín, Young at Art, Léim na Sconsaí agus i bhfad níos mó páirteach leis an tionscnamh spéisiúil seo.

Coinnigí súil amach don chéad bhlag ag teacht go luath an tseachtain seo chugainn!

 

An bhfaigheann d’eagraíocht deontas ó Fhoras na Gaeilge a chuidíonn leat an teanga a chur chun cinn? Bí i dteagmháil linn ag eolas@forasnagaeilge.ie le go mbeidh bhur scéal san áireamh againn sa tsraith nua #FásLeForas.