Fís, Misean agus Luachanna Fhoras na Gaeilge

Ráiteas Físe

Leagann ár bhfís amach na mianta atáimid ag iarraidh a bhaint amach agus an áit a dteastaíonn uainn an Ghaeilge a bheith amach anseo.

An Ghaeilge mar theanga phobail a bheith neadaithe i ngach gné den saol ar oileán na hÉireann

Ráiteas Misin

Leagann ár misean amach na fáthanna a bhfuilimid ann, an sainchúram atá againn agus an t-athrú a theastaíonn uainn a dhéanamh.

Úsáid na Gaeilge agus a saibhreas cultúrtha a neartú gach áit, do gach duine, agus i ngach gné den saol

Luachanna
Tá 5 luach nó bunphrionsabal aitheanta againn a threoraíonn ár gcuid
oibre ó lá go lá.

Leas na Gaeilge: Is í an Ghaeilge an dúshraith atá faoi gach rud a dhéanaimid. Is cás linn riachtanais phobail na Gaeilge agus riachtanais forbartha na Gaeilge féin. Bainimid leas as ár n-acmhainní, ár dtionchar agus ár saineolas ar bhealach comhordaithe comhtháite ar mhaithe le leas na Gaeilge sa tsochaí.
An Pobal: Táimid tiomanta do sheirbhís a thabhairt don phobal agus don stát. Aithnímid ár ndualgais reachtúla agus ár bhfreagracht don phobal, idir phobal na Gaeilge agus an mórphobal. Cuirimid san áireamh iad inár gcuid oibre, ó phleanáil go cur i gcrích, ar bhealach gairmiúil tuisceanach solúbtha, bunaithe ar dhea-chleachtas agus ar thaighde, agus ag cur pholasaithe an 2 Rialtas san áireamh.
Ardchaighdeáin: Seasaimid le hardchaighdeáin maidir le feabhsú, forbairt agus foghlaim. Déanaimid ár gcuid oibre ar bhealach tiomanta, bunaithe ar dhea-chleachtas, ar shaineolas agus ar athbhreithniú rialta, agus déantar an fhoireann a oiliúint agus a chumasú go córasach.
Meas: Cothaímid meas orainn féin mar eagraíocht agus ar an bpobal. Déanaimid cumarsáid éifeachtach le comhghleacaithe agus leis an bpobal, agus freagraímid dóibh ar bhealach dearfach, samhlaíoch agus trédhearcach.
Ceannaireacht: Seasaimid lenár mbunphrionsabail trí dhea-shampla. Cuirimid fís don Ghaeilge i láthair go bródúil inár gcuid oibre. Déanaimid ár ndícheall tionchar dearfach a imirt ar son na Gaeilge agus muid ag plé leis an bpobal ar bhealach ceannródaíoch, nuálaíoch, saineolach.

Foilsithe Meán Fómhair 2025