Gabriel Rosenstock & Brian Fitzgerald SEOLADH LEABHAIR
An Eala Órga agus scéalta eile ón India
Athinste ag Gabriel Rosenstock. Brian Fitzgerald a mhaisigh
Cnuasach de scéalta béaloidis ón India. Bhí an ghrian go hard sa spéir. Thosaigh na hainmhithe móra ag gearán. ‘Tá an ghrian i bhfad róthe!’ arsa an buabhall uisce. ‘Tá,’ arsa an eilifint. ‘B’fhearr liom é mura n-éireodh sí in aon chor!’ Chuala an ghrian ag caint iad.
LÉIGH NÍOS MÓ
Shocraigh sí nach n-éireodh sí lá arna mhárach ná an lá ina dhiaidh sin. Stailc! I scéal seo na gréine, agus i scéalta An Eala Órga trí chéile, tugann Gabriel Rosenstock, mar aon lena chomhealaíontóir, Brian Fitzgerald, ar thuras geal i bhfad is i gcéin muid. Seo againn Gúrú na Gaeilge agus é i mbarr a réime.
Sliocht as an leabhar ANSEO
Léirmheas ón iris Rogha leabhar 2019-20 (Leabhair Pháistí Éireann) ANSEO
ISBN 9781857919493 •80 lch •€9 •Bog
LÉIGH NÍOS LÚ
Óró na Circíní agus scéalta eile ón Afraic
Athinste ag Gabriel Rosenstock. Brian Fitzgerald a mhaisigh
Rogha de scéalta béaloidis ón Afraic. Buailfidh an léitheoir le gach cineál sna scéalta seo - ainmhithe, feithidí, daoine agus déithe!
LÉIGH NÍOS MÓ
Tugadh aitheantas ar leith do fheabhas na hoibre ealaíne ag Brian Fitzgerald sa leabhar seo nuair a fógraíodh é i measc na mbuaiteoirí ag comórtas idirnáisiúnta de chuid Cumann na Maisitheoirí i Nua Eabhrac.
Sliocht as an leabhar ANSEO
Léirmheas ar www.tuairisc.ie
Tuilleadh eolais ANSEO
ISBN 9781857919059 •60 lch •€6.50 •Bog
LÉIGH NÍOS LÚ
Haiku, más é do thoil é!
Gabriel Rosenstock. Brian Fitzgerald a mhaisigh
Is fada an lá ó thosaigh an file Gabriel Rosenstock ag plé le healaín an haiku.