An tAos Óg
Bairbre Ní Chuanaigh a scríobh / Sheena Dempsey a mhaisigh
Éist anseo le húdar na leabhar seo agus í faoi agallamh ar an glcár Iris Aniar ar Raidió na Gaeltachta. 42 nóiméad isteach sa chlár atá an t-agallamh. Cloch mhíle ag gach leanbh slán a fhágáil leis na clúidíní agus dul ar an bpota den chéad uair. Is é an dála céanna é ag Bláithín agus Oisín sna leabhair ghleoite seo le Bairbre Ní Chuanaigh atá foilsithe ag An Gúm.LÉIGH NÍOS MÓ
Tá treoir, tacaíocht agus cairt traenála ar fáil ag an mbeirt seo agus iad ag dul i mbun ealaín nua a fhoghlaim agus a chleachtadh. Is mór an t-údar misnigh ag Bláithín agus Oisín an tacaíocht agus an spreagadh a fhaigheann siad óna Mham. Greamáin maisithe ag Sheena Dempsey ag gabháil leis an dá leabhar.
Léirmheas le Pól Ó Muirí san Irish Times ANSEO
Déanann Telegael comhghairdeas leis an údar ANSEO.
Rud beag eolais faoin údar agus faoin mhaisitheoir ANSEO.
LÉIGH NÍOS LÚ


An Saor Cloiche Míshona agus An Pota Folamh
LÉIGH NÍOS MÓ
An Saor Cloiche Míshona
Scéal béaloidis ón tSeapáin. Seanscéal simplí é seo a bhaineann le traidisiún béil na Seapáine. Saor cloiche is ea é Haru. Bhí sé sona sásta go dtí gur thosaigh sé ag santú na rudaí a bhí ag daoine eile. Ach má tháinig an saibhreas d’imigh an sonas.An Pota Folamh
Seanscéal simplí é seo a bhaineann le traidisiún béil na Síne. Is buachaill óg macánta é Cheng. Níl gach duine eile chomh macánta céanna leisean, áfach, ach sin an rud a aithníonn Impire na Síne é féin.LÉIGH NÍOS LÚ

Scuabtha chun Siúil
le Julia Donaldson / Axel Scheffler Gabriel Rosenstock a rinne an leagan GaeilgeAn scéal á léamh ar SoundCloud
Bhí cat ag an gCailleach – Cailleach an hata – Ní srón a bhí uirthi ach Saghas éigin fata! Bhí an cat ag crónán is ag gáire go baoth. Seo chugainn ar an scuab iad ag teacht ar an ngaoth! Sa tsraith chéanna: An Seilide agus an Míol Mór agus An Garbhán •€7.50 • 6 mbliana+ •28 lch •Bog •ISBN 9781857914542 • Léirmheas
An Seilide agus an Míol Mór
le Julia Donaldson / Axel Scheffler Gabriel Rosenstock a rinne an leagan GaeilgeAn scéal á léamh ar SoundCloud
Ba bhreá leis suí ar an gcarraig gach lá is é ag féachaint amach ar na longa sa bhá. "Ba dheas liom taisteal i bhfad is i gcéin An tSín, an tSeapáin nó an Afraic féin! Sea," arsa Subh, 'nár bhreá lem'chroí bheith thall in Albain nó in Tennessee! Sa tsraith chéanna: An Garbhán agus Scuabtha chun Siúil •€7.50 • 6 mbliana+ •28 lch •Bog •ISBN 9781857915501 CeannachEilifint Óg agus an Folacadán
le Tatyana Feeney
Gradaim Leabhar Chumann Litearthachta na hÉireann - ainmníodh an leabhar seo ar ghearrliosta an Chumainn anuraidh. Cliceáil ar an íomhá le teacht ar a thuilleadh eolais. Ceann de cheithre leabhar gleoite ó pheann Tatyana Feeney ina n-insítear scéalta barrúla faoi rudaí a dhéanann páistí óga. Tugtar thíos teideal na leabhar eile sa tsraith. €5 an leabhar Ceannach Eilifint Óg agus an Folcadán ISBN 9781857919011 Ulcabhán Óg agus an Scairf Oráiste ISBN 9781857919035 Coinín Beag agus an Phluid Ghorm ISBN 9781857919004 Frog Beag agus an Torbáin sin! ISBN 9781857919028Cosc ar Chrogaill!
Heather Pindar a scríobh. Susan Batori a mhaisigh. Pictiúrleabhar nuafhoilsithe. Thug an Séabra cuireadh do na hainmhithe go léir teacht chuig a chóisir, ach amháin na crogaill. Tá na crogaill chun sleamhnú isteach agus na hainmhithe ar fad ag an gcóisir a alpadh. Ach conas a éireoidh leis na crogaill? ISBN 9781857919301 • €7 • Bog • 32 lch • 6 mbliana+Léigh sliocht as an leabhar anseo
Anansi agus Scéalta an Domhain
Éamonn Ó Ruanaí a scríobh / Kieron Black a mhaisigh Rógaire gan sárú é Anansi na n-ocht gcos. Is nós leis bob a bhualadh ar na déithe agus olc a chur ar a chomharsana. Ach taobh amuigh de sin níl sé ródhifriúil liomsa ná leatsa, i ndáiríre. Is breá le Anansi bheith ag comhrá leis na hainmhithe eile (nuair nach mbíonn sé á n-ithe). Is breá leis scéalta agus scéalaíocht. Ach bí ar d’aire, is breá leis bheith i mbun cleasaíochta freisin! Tá cur síos ar naoi gcinn d’eachtraí iomráiteacha Anansi sa leabhar seo ó pheann Éamoinn Uí Ruanaí. ISBN 9781857919295 • €7.50 • Bog • 80 lchLéirmheas Ó The Irish Times ANSEO
Cén fáth a mbím ag Broimneach?
Thomas Kingsley Troupe Is grúpa cairde iad an Seisear Salach atá ina gcónaí i ndumpa na cathrach. Chuirfeadh sé iontas ort a oiread agus is féidir a fhoghlaim faoin eolaíocht agus tú sa dumpa! San eachtra seo bíonn folcadh ag Ruairí agus faigheann gach duine amach mar gheall ar an gcórás díleá. ISBN9781857919202 • €5 • Bog • 24lch CeannachAn gCacann Beacha?
Thomas Kingsley Troupe Is grúpa cairde iad an Seisear Salach atá ina gcónaí i ndumpa na cathrach. Chuirfeadh sé iontas ort a oiread agus is féidir a fhoghlaim faoin eolaíocht agus tú sa dumpa! San eachtra seo tagann na cairde ar nead beach agus faigheann siad amach mar gheall ar na difrochtaí idir rudaí beo agus rudaí neamhbheo. ISBN9781857919196 • €5 • Bog • 24lch CeannachMorf
Orna Ní Choileáin / Olivia Golden a mhaisigh Bíonn uaigneas ar Eric uaireanta, bíonn Mam agus Daid chomh gafa lena dheirfiúracha óga nach dtugann siad mórán airde ar Eric uaireanta. Ba bhreá leis dá mbeadh cara aige. Nuair a thagann Morf, áfach, níl a fhios ag Eric an é sin an cineál carad a theastaíonn uaidh in aon chor. Deir sé go bhfuil sé ag iarraidh cabhrú leis, ach ní léir gurb é leas Eric atá á dhéanamh an bhfear beag glas. Urscéal nua do dhaoine óga (9-12) é Morf ag an scríbhneoir aitheanta Orna Ní Choileáin. Bhuaigh Morf Duais ag Oireachtas na Samhna 2015 ISBN 9781857919219 • €8.50 • Bog • 88lch Ceannach Léirmheas ar www.tuairisc.ie
Haiku, más é do thoil é!
Gabriel Rosenstock / Brian Fitzgerald a mhaisigh
Is fada an lá ó thosaigh an file Gabriel Rosenstock ag plé le healaín an haiku. Tugann sé léargas suimiúil spraíúil dúinn sa leabhar gleoite seo ar dhomhan iontach an haiku. Ar an aos óg á an saothar dírithe ach bainfidh idir óg agus aosta sásamh as go cinnte.
ISBN 9781857919059 • €7.50 • Bog • 96 lch
Ceannach
Drubal
Maolíosa Ní Chléirigh / Kieron Black a mhaisigh Ní maith le Seán, Róisín ná le Maggie a bheith i dtrioblóid lena dtuismitheoirí. Nach breá madra a bheith acu, mar sin. Is féidir leo an milleán a chur ar Dhrubal faoi gach rud dána a dhéanann siad féin! Filleann an feall ar an bhfeallaire, áfach agus tarlaíonn rud nach raibh coinne ag na páistí leis ar chor ar bith. Gabhann dlúthdhiosca fuaime leis an leabhar. ISBN9781857918922 €7 Bog CeannachCur síos ar raidhse leabhar eile do dhaoine óga ar fáil sa chatalóg
Catalóg: Leabhair agus Ábhar eile do Dhaoine Óga Cliceáil anseo: